| 6.4°C Dublin

‘Thug An Cailín Ciúin an Ghaeilge níos faide ná a d’fhéadaí a bheith ag súil leis’

Close

Lucht An Cailín Ciúin i Los Angeles

Lucht An Cailín Ciúin i Los Angeles

Lucht An Cailín Ciúin i Los Angeles

Cé nár éirigh leo an dealbh órga a thabhairt leo ag na Gradaim Oscar, bhí oíche den scoth ag lucht An Cailín Ciúin ag an ócáid is mó sa saol scannánaíochta ar an Domhnach.

Sa deireadh ba é an scannán Gearmánach All Quiet on the Western Front a bhuaigh an Oscar don Scannán Idirnáisiúnta Is Fearr, ceann de na catagóirí ba dhéine iomaíocht an oíche ar fad.

Agus dar le ceannaire TG4, Alan Esslemont, nach raibh aon teorainn leis an bpróifíl a tugadh don Ghaeilge agus don scannánaíocht sa teanga.

“Is amhlaidh go bhfuil aidbhintiúr iontach tar éis bheith ag an nGaeilge,” a dúirt Esslemont. “Tá an scannán seo tar éis an Ghaeilge a thabhairt níos faide ná mar a d’fhéadfaí bheith ag súil leis.

“Ar an drochuair ní gnách go mbeadh teanga mhionlaigh sa phictiúrlann.

“Tá comhghleacaithe ó BBC Alba agus S4C sa Bhreatain Bheag tar éis a bheith glaoch orm le tabhairt le fios gur rud tábhachtach é seo do theangacha mionlaigh.”

Thug Esslemont ardmholadh do Cholm Bairéad agus a bhean Cleona Ní Chrualaoi, stiúrthóir agus léiritheoir an scannáin, agus an cliar agus an criú ar fad, as ucht an méid a rinne An Cailín Ciúin ar son na Gaeilge.

“Níl gach éinne thuaidh nó theas i ngrá go hiomlán leis an nGaeilge,” a dúirt Esslemont in agallamh le BBC Raidió Uladh maidin Dé Luain. “Ach thug an scannán seo daoine le chéile le rá go raibh sé go hiontach.

“Táim tar éis suí i bpictiúrlanna i dtíortha éagsúla agus deora le súile daoine i mo thimpeall ag deireadh An Cailín Ciúin.” Thall in Hollywood bhí lucht An Cailín Ciúin ríméadach as an méid a baineadh amach agus iad an-mhárálach as an mbeirt óna dtír ar éirigh leo gradaim a bhuachan, Richard Baneham, a chum na héifeachtaí speisialta ar son Avatar – Way of Water, agus The Irish Goodbye, gearrscannán ón Tuaisceart.

Go deimhin chinntigh Baneham go mbeadh Gaeilge le cloisteáil ó ardán Amharclann Dolby Los Angeles nó ghabh sé buíochas as a ghradam as Gaeilge.

“Go raibh maith agaibh,” a dúirt sé.

Dar le fear eile a bhí ag an ócáid chlúiteach, Oisín Fennell, a bhí ina ghiolla ceamara ar An Cailín Ciúin agus fear a bhfuil stair na mblianta fada aige i réimse na scannánaíochta agus na meán Gaeilge, go mbeadh lucht na Gaeilge ar ais ag na Oscars.

“Níl sé gaibhte amú orainn – níl an sonas, an spraoi agus an taitneamh a bhain muid as na seachtainí a chaitheamar ag obair, níl sé gaibhte amú orainn.”

Bhí Méav Ní Maolchatha, máthair Catherine Clinch, An Cailín Ciúin féin, beagáinín díomách leis an toradh ach thar a bheith sásta leis an méid a baineadh amach – mar a bhí gach duine.

“Táimid sásta, tá sé iontach speisialta. Táimid ar nós clann mhór, gach éinne ag ceiliúradh a chéile,” a dúirt sí agus í ag déanamh comhghairdis le Richard Baneham agus lucht an ghearrscannáin bhuacaigh The Irish Goodbye.


Most Watched





Privacy