| 7.5°C Dublin

Tarlaíonn creathanna talún ach bhí an ceann seo i bhfad níos mó, a deir Éireannach atá sa Tuirc

Close

Angus Lambkin sa Tuirc

Angus Lambkin sa Tuirc

An Tuirc

An Tuirc

An Tuirc

An Tuirc

An Tuirc

An Tuirc

Angus Lambkin sa Tuirc

Angus Lambkin sa Tuirc

/

Angus Lambkin sa Tuirc

Ar an 6 Feabhra, bhuail crith talún tubaisteach an teorainn idir an Tuirc agus an tSiria agus maraíodh níos mó ná 47,000 duine.

Tharla dhá chrith talún – ar mhéid 7.7 agus 7.6 ar scála Richter – agus tháinig níos mó ná 3,100 iarchrith tar éis an chreatha talún. Is iad na creathanna talún na cinn is mó a bhuail an Tuirc le céad bliain anuas.

Chomh maith leis na mairbh, gortaíodh na mílte. Bhuail an crith talún nuair a bhí formhór na ndaoine ina gcodladh. Mar sin, bhí daoine sáinnithe taobh istigh d’fhoirgnimh nuair a thit siad.

Gortaíodh breis agus 105,500 duine agus deirtear go leanfaidh an líon báis ag ardú san am amach romhainn.

Labhair Angus Lambkin, fear as Bóthar Ormeau i mBéal Feirste, le Seachtain faoina chuid oibre leis na Náisiúin Aontaithe.

Tá Angus lonnaithe in Malatya sa Tuirc faoi láthair mar Shaineolaí Fuireachais leis na Náisiúin Aontaithe.

“Táimid in iarthuaisceart an cheantair ina bhfuil an damáiste déanta agus táimid thuas sna sléibhte chomh maith, mar sin tá ár gceantar an-fhuar, faoi 20 Celsius,” a dúirt Angus le Seachtain.

“Bhí 600 duine ina gcónaí anseo, agus deirtear go bhfuil dhá chéad duine fágtha ach tá daoine ann freisin nach bhfuil ag iarraidh imeacht.”

Bhuail na creathanna talún ag buaic an gheimhridh. Tá na céadta mílte daoine gan rochtain ar dhídean, bia, uisce, téitheoirí agus cúram leighis i dteocht fuar reoite.

Áirítear leis seo leanaí óga agus daoine scothaosta. Scriosadh nó rinneadh damáiste do bhreis agus 47,000 foirgneamh.

“Níl go leor teasa ag daoine, tá pubaill le cur suas, tá teas le cur ar fáil, tá soirn de dhíth, tá gual agus adhmad de dhíth agus pluideanna, cótaí, miotóga mar tá sé an-fhuar faoi láthair,” a dúirt sé.

“Tá daoine sna cathracha i bpubaill i gcarrchlóis agus tá sé sin difriúil leis na daoine atá ina gcónaí faoin tuath – ní bheadh gutháin ag daoine, ní bheadh an gréasán ag obair.

“Tá daoine atá ina gcónaí i bpubaill, beidh sé mar sprioc ag na rialtais iad a chur i rud cosúil le prefabs, struchtúr nach bhfuil ró-mhaith ach atá i bhfad níos éasca é a théamh ná na pubaill.”

Dúirt Angus go bhfuil “obair le cúpla bliain” ann maidir leis an méid oibre a bheidh le déanamh sa tír.

Tá Angus ag obair leis na Náisiúin Aontaithe le breis agus deich mbliana ar fud an domhain.

“Tá sé seo difriúil, de ghnáth bím ag obair i gcomhthéacs cogaidh. Tá an comhthéacs difriúil ach tá an obair mar an gcéanna,” a dúirt Angus.

“Is dócha go mbeimid in ann cuidiú le rudaí ó thaobh struchtúir agus straitéise agus rudaí mar sin.

“Tarlaíonn creathanna talún ach tá an ceann seo i bhfad níos mó – tá sé difriúil.

“Tháinig go leor daoine ó iarthar na tíre i dtír chun obair dheonach a dhéanamh agus mar sin nuair a théann tú chuig na campaí seo, tá uisce, tá bia ann agus tá pluideanna ann.”

Dúirt Angus go bhfuil tacaíocht iontach faighte ó eagraíochtaí agus ó charthanais go hidirnáisiúnta freisin.
Le cuidiú leo siúd atá ag streachailt, gabh chuig www.unicef.ie/donate/donate-syria/


Most Watched





Privacy