| 11.2°C Dublin

Tar éis na paindéime, an mbeidh fonn ar éinne rud ar bith a chaitheamh uathu an Carghas seo?

Close

Lá na bPancóg - tá cuid mhór ag tarlú i mí Mhárta

Lá na bPancóg - tá cuid mhór ag tarlú i mí Mhárta

Lá na bPancóg - tá cuid mhór ag tarlú i mí Mhárta

Bhuel, ó bhíos ag caint libh an tseachtain seo caite tá leathchéad cuireadh fachta agam ó dhaoine dul go barr Chnoc Bhréanainn leo.

Bhí sórt náire cheart orm é sin a rá libh an tseachtain seo caite, ach cuirfear é sin ina cheart sa samhradh. B’fhéidir é a dhéanamh i gcomhair cúis mhaith éigin agus an pobal a thabhairt le chéile.

Ní hamháin go bhfuil Márta linn, Lá na bPancóg inné ann agus inniu Céadaoin an Luaithrigh – tá sé ar fad ag tarlú! Is cuimhin liom pancóga a bheith againn ar Mháirt na hInide, ní ar maidin ach sa tráthnóna tar éis na scoile. Ní raibh ach aon sórt amháin ann. Siúcra!

Ní raibh Nutella ná a leithéid le fáil an uair sin againne, ach bhíomar breá sásta mar ná raibh a fhios againn a mhalairt.

Inniu bíonn pancóga ag na leanaí nach mór gach deireadh seachtaine. Mar sin ní lá mór dóibh é agus is amhlaidh Céadaoin an Luaithrigh – níl a fhios agam an bhfuil an tsuim chéanna acu ann. B’fhéidir go bhfuil ar scoil agus eatarthu féin.

Ba lá cuíosach mór dúinn Céadaoin an Luaithrigh agus sinn ag fás aníos. Toisc go raibh an creideamh go láidir sa scoil againn agus sa bhaile, bhíodh ana-chuid cainte mar gheall air seo ar fad.

Ag teacht suas go dtí an Carghas ní bhíodh caint ar aon rud eile ach ‘cad athánn tú ag caitheamh uait i gcomhair an Charghais?’ An rud ait fé seo ar fad ná ná raibh puinn againn le caitheamh uainn agus bhíomar ar fad sa bhád céanna! Milseáin an freagra is mó a bhíodh againn ar fad.

Aríst ní raibh na fallaí ag titim isteach le seacláid ná le milseáin agus ar shlí bhí sé éasca é a dhéanamh.

Ach is cuimhin liom dá mbrisfeadh éinne an Carghas – taobh amuigh do Lá ’le Pádraig – gur rud mór a bhíodh ann. Ní hé go ndiúltófaí thú nó go mbíodh daoine do do sheachaint ar nós na nAmanach nuair a dheineann siad rud éigin as an tslí, ach bheidís ag féachaint ort le leathshúil. Níl aon dabht fé seo ach go raibh sé dáiríre.

Nuair a bhíos óg agus tae á ól agam chuirfinn siúcra isteach ann, ach bliain amháin bheartaíos – nó bheartaigh mo mháthair dom ba cheart dom a rá – gan siúcra a chur isteach sa tae le linn an Charghais. Dheineas amhlaidh. Tháinig Domhnach Cásca agus bhíos ag súil go mór le siúcra a chuir i’m thae.

Dhein mo mháthair an tae dom agus an rud ná raibh a fhios agam ná chuir sí cúpla spúnóg mhaith siúcra isteach ann. Chaitheas amach é ar an bpointe mar go raibh sé ró-mhilis agus gránna. Cleas maith mar níor chuireas siúcra i mo thae ón lá san ar aghaidh.

Ní chaithim faic uaim na laethanta seo agus níor dheineas le fada, ach tá’s agam daoine a chaitheann rudaí áirithe san aer ar nós na dtoitíní agus is maith an rud é sin aon uair don mbliain.

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Toisc gur chailleamar amach ar an oiread sin rudaí le dhá bhliain anuas, níl a fhios agam an mbeidh fonn ar dhaoine aon rud a chaitheamh uathu an uair seo.


Most Watched





Privacy