Tá sé deacair cosmhuintir an chlub a shárú sna cluichí Gaelacha

Gráinne ag na gradaim

Gráinne McElwain

Bhí cúpla oíche den scoth agam le déanaí ag obair mar bhean an tí ag ócáidí ina raibh muid ag comóradh daoine a bhíonn ag obair go deonach i gcúrsaí spóirt.

Ba mhór an onóir dom a bheith i láthair agus ag éisteacht leis na scéalta agus an obair uilig a dhéanann daoine gan aon aitheantas agus an chuid is mó den am, ní fhaigheann siad mórán buíochais as.

Ag gradaim Volunteers in Sport (thíos), a d’eagraigh Federation of Irish Sports, bhí muid ag ceiliúradh an méid oibre atá déanta ag daoine ina gcumainn féin le tréimhse fhada. Bhain buaiteoirí na ngradam an oiread sin suilt as an lá – agus gach duine a bhí ar stáitse liom, bhí iontas orthu go raibh siad ann. Níor thuig siad cad chuige go raibh siad ag fáil gradam ar bith.

De réir na tuairisce Researching the Value of Sport in Ireland a d’fhoilsigh Sport Ireland in 2021, is fiú oibrí deonach agus €1.5 billiún don státchiste. Is figiúir ollmhór é sin, agus gan aon dabht tá luach mór millteach ann maidir leis an ionchur a bhíonn aige sin ar shochaí agus is ceart go bhfuil muid ag tabhairt aitheantais do na daoine a dhéanann an obair fhiúntach seo.

Bhí gach cineál club i gceist idir CLG, Muay Thai, rothaíocht, shacar, bhadmantan agus na Cluichí Speisialta Oilimpeacha. D’ardódh sé do chroí a bheith ag éisteacht leis na buaiteoirí agus bhí neart craice agus gáire le linn na hócáide.

Sheas an tábhacht leis an chlub amach arís dom ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhronnadh gradaim ar imreoirí club camógaíochta le dhá bhliain anuas, urraithe ag AIB.

D’éirigh leis na Sáirséalaigh as Gaillimh Craobh Club na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile, ag fáil an lámh in uachtar ar Abhallort An Bealach as Loch Garman agus ansin Seamróga Loch Géil ó Aontroim.

Éacht dochreidte déanta acu, go háirithe mar nár éirigh leo craobh shinsir an chontae a bhaint go dtí 2016 agus idir sin agus seo, tá trí chraobh na hÉireann buaite acu.

Bronnadh Imreoir na Bliana do 2021/2022 ar Shiobhán McGrath, lena deirfiúr Niamh McGrath ag fáil an ghradaim chéanna do 2022/2023. Is é sin an chéad uair atá beirt deirfiúracha tar éis an gradam a bhaint bliain i ndiaidh a chéile.

Ar aon nós, léirigh sé dom cé go bhfuil sé ag éirí níos deacra daoine a fháil chun oibriú go deonach, tá daoine iontacha amuigh ansin atá ag cur a gcroí isteach chun rudaí a fheabhsú dá gceantar, dá bpobal agus dá gclub.

Is léir an dea-thionchar atá acu ar a bpobal fosta agus tugann sé muinín duit.