| 7.8°C Dublin


Sult agus spraoi agus sinn uilig ag rince agus ag ól ag oíche na Gossies

Dáithí Ó Sé


Close

Muireann O'Connell, Alan Hughes agus Tommy Bowe ag na Gossies

Muireann O'Connell, Alan Hughes agus Tommy Bowe ag na Gossies

Muireann O'Connell, Alan Hughes agus Tommy Bowe ag na Gossies

Má tá An Cailín Ciúin ag dul go dtí na hOscars, bhí an buachaill báire ag na Gossies ag an ndeireadh seachtaine. Sea bhí an t-am sin bliana tagtha aríst agus oíche na Gossies ann.

Is breá liom an oíche seo. An oíche nuair a thagann lucht na meán le chéile d’oíche ragairne agus le bheith fírinneach tá tamall fada ó bhí ceann acu san agam! Lucht na meán is ea rud amháin, domsa deis na cairde a thabhairt le chéile.

Bhíomar ar an WhatsApp mí ó shin, cé atá ag dul ann. Agus caithfidh mé a rá gur sinne an dream ‘ba chúl’ a bhí ann! Is cuma liom cad a deireann éinne!

Bhí sé sa cheann agam oíche mhór a dhéanamh agus sin é go díreach a tharla.

Taobh amuigh d’oíche na nGradam agus caithfidh mé fair plé a rá d’Ally, ‘bean na tí’, agus na daoine ar fad a bhíonn ag obair léi, bhí oíche iontach ann, ach táimse ag pointe im’ shaol agus níl faic uaim ach oíche óil agus spraoi agus sin go díreach a bhí agam.

Chuireadar ceist orm mar is gnáth agus bhí an freagra céanna agam, an gcuirfidh tú gradam i láthair? Cuirfidh gan dabht arsa mise, ach bíodh sé luath san oíche mar go bhfuil mise ag dul ann don gcraic!

Is dóigh liom go raibh mórán mar an gcéanna liom. Bhí gach éinne ag súil le hoíche mhór. Bhí an seomra ina dhá leath. Bhí na ‘hógánaigh ann – lucht na meán sóisialta agus iad ag caint lena bhfón níos mó ná daoine. Dóibh siúd is measa. Bhíodar leath ag obair.

Bhí daoine eile ann ar mo chuma fhéin agus bhí ceann dos na seanlaethanta againn. Táim chun iad a ainmniú – Lucy Kennedy, Anna Daly, Kathyrn Thomas agus Colm Hayes. Sin an gheaing a bhí liomsa.

Thugamar an oíche ag gáire gur sinne an tseana-gheaing a bhí ann, is cuimhin liom an uair nuair a bhíomar inár n-ógánaigh ag ócáidí mar seo.

Tá fiche bliain ann ó thosnaíomar ag dul go dtí na hoícheanta seo. An uair sin ní raibh aithne ag éinne orainn agus ar shlí bhí san níos deise.

Ag pointe amháin bhí gach éinne amuigh ar an úrlár agus bhíos fhéin agus Lucy ag rince ag nós beirt sheana-phósta agus iad ar saoire ar ‘cruise’.

Bhí an bheirt againn sínte ag gáire fé seo ach ag an am gcéanna an bheirt againn chomh sásta. Beirt chairde ag rince agus ba chuma linn sa diabhail!

Bhí sé chomh deas a bheith ag oíche mar seo. Táim ag an bpointe anois go dtagann rudaí eile sa tslí ar oícheanta mar seo agus gheallas i mbliana go rabhas ag dul go dtí na hócáidí seo. Bhaineas fíor-shásamh as. Bhíomar ar fad ar aon intinn, go gcaithfimid na hoícheanta seo a bheith againn níos minicí, ach tá’s againn cad a tharlaíonn.

Sé Tommy Bowe a fuair an gradam don láithreoir fir is fearr agus mise dá rá libh, níl duine in Éirinn chomh deas leis. Is breá liom an fear sin!


Most Watched





Privacy