
Níl ach laethanta beaga fágtha go mbeidh a seans ag Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi agus réaltaí An Cailín Ciúin – an chéad scannán Gaeilge riamh le hainmniúchán a fháil do ghradam Oscar – siúl ar an gcairpéad dearg ag Amharclann Dolby i gCathair na nAingeal le haghaidh ócáid mhór na bliana sa domhan scannánaíochta.
Ach a fhad is a bhaineann sé le foireann an scannáin a bhfuil ainmniúchán faighte aige don ghradam le haghaidh an scannáin idirnáisiúnta is fearr, mar a mbeidh siad san iomaíocht le rogha na n-údar, All Quiet on the Western Front, is bua é seo ann féin.
Agus le seachtain anuas, tá an feachtas ar son An Cailín Ciúin ag bailiú nirt agus ceann de mhór-irisí na Stát Aontaithe ag cur leis na gárthe molta agus ag maíomh gur cheart an dealbh órga a bhronnadh ar an scannán Gaeilge.
“Tá sé ar cheann de na scannáin is mothálaí, is mó ón gcroí agus is mó a bhrisfeadh do chroí ó thír ar bith le deich mbliana anuas,” a dúirt léirmheastóir na hirise.
Ón am ar eisíodh sna pictiúrlanna é beagnach bliain ó shin, tá An Cailín Ciúin tar éis neart duaiseanna a bhaint. Anuas air sin, is é an chéad scannán Gaeilge é a thuill níos mó ná €1 mhilliún ag Oifig na dTicéad.
Agus í ag labhairt an tseachtain seo, dúirt Cleona gur thug sí le fios in óráid a thug sí ar lá a bpósta go ndéanfadh sí agus a fear céile scannán le chéile uair éigin.
“Dúirt Colm go raibh iontas air nuair a chuala sé seo á rá agam mar ná raibh sé pléite againn,” a dúirt sí. “B’in 2015 ach b’fhéidir go fochoinsiasach, mhothaigh mé go ndéanfadh muid rud éigin éachtach le chéile.
“Tá sé ar mire nuair a smaoiníonn tú go mbeimis ag déanamh scannáin.”
Dúirt sí go raibh a fhios aici gur féidir le ról an léiritheora a bheith ar an ról is uaigní sa scannán ach go raibh sé éagsúil idir í féin agus a fear céile, Colm, an stiúrthóir. “Bíonn rudaí strusmhara ag titim amach ach bímíd i gcónaí ábalta brath ar a chéile.”
Ba í Cleona a thug an triail aisteoireachta ar fhístéip a sheol Catherine Clinch faoi deara. Ní fhéadfaí éisteachtaí i bpearsan a dhéanamh de bharr gur ré Covid a bhí ann. Bhí Cleona sa bhaile tráthnóna Aoine amháin nuair a chonaic sí an físeán. Ghlaoigh sí láithreach ar Cholm.
Bhí a gcailín ciúin faighte acu.
“Ba í Catherine ár réalta eolais,” a dúirt sí. “Thugtaí bualadh bos di go rialta tar éis gach lae scannánaíochta nó bhí sí chomh maith sin.”
Maidir le Cleona féin, tá gné thar a bheith pearsanta ag baint le scéal an scannáin nó tá an saothar tiomnaithe dá hathair, Jim, a cailleadh in 2019.
Mhothaigh Cleona spiorad a hathar bliain níos déanaí agus í ag lorg láthair an scannáin. Bhí sise agus Colm ag tabhairt cuairt ar theach i gContae na Mí nuair a thug sí bróisiúr faoi deara ón stiúrthóir sochraide a stiúraigh tórramh a hathar.
Rith sé léi go mbeadh a fhios aige siúd cá bhfaighidís teach oiriúnach agus threoraigh seisean í go dtí an teach a úsáideadh do theach Eibhlín agus a fir céile, an lánúin lenar chaith Cáit an samhradh aoibhinn a léiríodh sa scannán.
Tá ceangal eile Gaeltachta ag baint le hócáid an Domhnaigh nó is dearthóir ó Ghaillimh, Caterina Coyne, a dhear an gúna a bheidh á chaitheamh ag Cleona ar an oíche. Iar-rinceoir le Riverdance í Caterina a raibh a ré féin aici sa spotsolas agus í ar an ardán ar fud na cruinne.