Scoth na gceoltóirí traidisiúnta ar albam úr Úna Monaghan
Tá albam nua seolta ag an cheoltóir móréilimh Úna Monaghan, albam a bhfuil amhráin leis na ceoltóirí is cáiliúla in Éirinn air.
Is cláirseoir, cumadóir, taighdeoir agus ealaíontóir fuaime í Úna as Béal Feirste, agus is bailiúchán de cheoltóirí traidisiúnta aonair agus ríomhaire é an t-albam nua Aonaracht.
Tá ceoltóirí clúiteacha air lena n-áirítear Paddy Glackin, Saileog Ní Cheannabháin, Tiarnán Ó Duinnchinn, Pauline Scanlon agus Jack Talty.
Is éard atá in Aonaracht bailiúchán de shé phíosa agus i ngach píosa tá meascán ar leith den cheoltóir thraidisiúnta, den uirlis seo acu agus de leictreonaic.
Ag caint faoina halbam, dúirt Úna: “Is minic a mheasctar an ceol traidisiúnta agus a mbaintear sult as i gcomhthéacs grúpa.
“Bhí mise ag iarraidh dearcadh ar an uirlis thraidisiúnta mar a dhearcann an ceoltóir uirthi – thar rud ar bith eile, caidreamh pearsanta idir duine amháin agus a uirlis. Cad é mar a bheadh sé dá gcluinfí cuid den chaidreamh sin le taobh uirlis acústach?
“An féidir an teicneolaíocht a úsáid le fuaim eile a thabhairt do shaol an cheoil thraidisiúnta thar na foinn?
“Tá téama difriúil ag gach píosa. Tá caidreamh saincheaptha ag gach píosa leis an ríomhaire, ina bhfuil meáin sheasta, leictreafhuaim, taifeadtaí allamuigh, tobchumadóireacht agus leictreonaic bheo.
“D’oibrigh mé ar an bhailiúchán seo agus ceoltóirí ar leith ar intinn agam, agus mhúnlaigh mé an códú do gach duine acu.”
Tá a cuid saothar curtha i láthair ar theilifís agus raidió an BBC agus RTÉ, agus i léiriúcháin amharclainne, féilte agus comhdhálacha go hidirnáisiúnta. Tá go leor gradam bronnta ar Úna lena n-áirítear Scoláireacht Taighde James M Flaherty in 2016 agus an chéad Ghradam Liam O’Flynn in 2019 i measc go leor eile.
“Bhí mé ag iarraidh scríobh mar chumadóir do na huirlisí móra seo.
“Bhí mé ag iarraidh oibriú le daoine a raibh suim acu sa cheol thrialach seo agus a chuir spéis sa cheol thraidisiúnta agus rud éigin nua a dhéanamh leis chun na fuaimeanna nua seo a fháil agus cad é an fhuaim nuair a chuireann tú ceol traidisiúnta leis an triail amhráin as an ríomhaire,” a dúirt Úna le Seachtain.
Insíonn na sé amhrán scéal difriúil agus cuireann siad fuaim nua ar fáil.
Tá ceann de na hamhráin dar teideal An Dreas Comhrá bunaithe ar chomhrá idir triúr seanbhan i dteach faoin tuath i dTír Chonaill in 2012. Pléann siad tórraimh, na rósóga, an imirce, cuiríní dubha a bhailiú agus an cleas a bhaineann le saol fada a bheith ag duine.
Chomh maith leis sin, tá an chéad amhrán ar an albam, Idir an Píobaire agus an Phíb le Tiarnán Ó Duinnchinn, ina ómós d’fhuaimeanna na bpíb.
Níl an t-albam cosúil le haon rud eile amuigh ansin.
Tá Aonaracht ar fáil le héisteacht leis ar Spotify agus YouTube, ar dhlúthdhiosca agus beidh sé ar fáil go luath ar Vinyl.