Neart le cinntiú ar an lá dheireanach den tSraith
Bhuail Tír Eoghain Muineachán ag an deireadh seachtaine
Chaill mé cluiche sraithe Mhuineacháin in aghaidh Thír Eoghain ag an deireadh seachtaine mar go raibh mé ag taifeadadh don tsraith úr Scéalta na gCorn a bheas á craoladh ar TG4 san fhómhar.
Chuir duine tvuít chugam ar Twitter ag rá go raibh mé níos fearr as mar gur cuireadh beirt den pháirc ó fhoireann Mhuineacháin. B’fhéidir go raibh an ceart aige ach bí cinnte go bhfuil jab mór le déanamh ag Muineachán anois chun fanacht i Roinn 1 do 2024.
Níl sé dodhéanta mar go bhfuil an beart déanta ag fir Farney ar an lá dheireanach cheana. Tharla sé in aghaidh na Gaillimhe dhá bhliain ó shin agus le Baile Átha Cliath anuraidh.
Ach tá deacrachtaí ag Muineachán scóranna ón imirt a aimsiú. Níor aimsigh siad ach cúilín amháin ón imirt in aghaidh Thír Eoghain sa chailliúint 2-15 le 0-13. Ní bhfuair siad ach 0-2 sa dara leath sa chailliúint i gcoinne na Gaillimhe. Tháinig an dá scór sin ó chiceanna saora ó Rory Beggan. Caithfidh Muineachán taisteal go Maigh Eo ar an Domhnach, le Maigh Eo ar bharr an tábla agus cáilithe do chluiche ceannais na sraithe. Beidh Muineachán ag iarraidh an bua a fháil agus ag iarraidh go ndéanfaidh Tír Eoghain gar dóibh agus Ard Mhacha a bhualadh má tá siad le fanacht thuas.
Beidh le feiceáil an mbeidh siad in ann cleas Houdini a dhéanamh arís agus fanacht thuas i Roinn 1 bliain amháin eile. Neosfaidh an aimsir.
Chaill Dún na nGall go dona in aghaidh Mhaigh Eo 1-17 le 0-9 agus taobh amuigh den bhua i gcoinne Chiarraí i mbabhta 1 agus comhscór faighte in aghaidh na Gaillimhe, tá gach cluiche caillte acu ó shin. Is buille mór é nach bhfuil Patrick McBrearty ar fáil dóibh de bharr gortú agus tá an chuma ar an scéal nach bhfuil rudaí go maith sa chontae le Karl Lacey ag fágáil an acadaimh faoi aois.
Caithfidh Dún na nGall imirt go maith in aghaidh Ros Comáin as baile, go háirithe agus an chraobh ag druidim leo. Fiú le bua, beidh siad i Roinn 2 an bhliain seo chugainn, ach amháin má thiteann an t-aer ar an talamh i gcluichí eile agus má bhíonn torthaí eisceachtúla ann.
Is iad Ard Mhacha an fhoireann eile atá sa rás chun dícháiliú go Roinn 2 a sheachaint. Cé go raibh tús maith acu in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite, chríochnaigh fir an iarthair níos láidre.
D’éirigh le hArd Mhacha Dún na nGall agus Muineachán a bhualadh agus chríochnaigh siad ar comhscór le Maigh Eo. Ach beidh siad díomách nár bhuaigh siad i gcoinne na Gaillimhe agus iad ceithre chúilín chun tosaigh.
Mar sin, beidh go leor súile ar íochtar an tábla ach tá deis fós ag Gaillimh, Ciarraí, Tír Eoghain agus Ros Comáin cáiliú don chluiche ceannais le Maigh Eo. Bain sult as!