| 4.3°C Dublin

Naíscoil Ghaeilge imeasctha oscailte arís in ionad nua i mBéal Feirste

Close

Stiúrthóir Nóilín Breatnach i Naíscoil na Seolta an tseachtain seo

Stiúrthóir Nóilín Breatnach i Naíscoil na Seolta an tseachtain seo

Stiúrthóir Nóilín Breatnach i Naíscoil na Seolta an tseachtain seo

Tá naíscoil Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste oscailte ar deireadh agus fáilte curtha roimh triúr daltaí – le breis páistí ag dul i bpáirt leo amach anseo.

D’oscail an naíscoil imeasctha an tseachtain seo caite in ainneoin ‘feachtas fuatha’ ar líne i rith an tsamhraidh. B’éigean do lucht na scoile suíomh nua a lorg dá bharr.

Bhí Naíscoil na Seolta le lonnú ar shuíomh Bhunscoil Braniel – ceantar Protastúnach – ach bhí orthu tarraingt siar mar gheall ar iompar ‘déistineach’ roinnt daoine a bhí in aghaidh na Gaeilge. Dheimhnigh póilíní an Tuaiscirt go bhfuair siad tuairisc i mí na Bealtaine faoin bhfeachtas ar líne agus tuairisc mhí Iúil faoi phóstaeir a cuireadh in airde.

Dúirt an gníomhaí Gaeilge Linda Ervine go raibh an naíscoil nua tar éis oscailt in ionad Eaglais Mhuintearas Críostaí ar bhóthar An Lios Dearg thart ar mhíle ón áit ar osclaíodh é an chéad uair. Dúirt sí nach raibh gearán ar bith ón ngrúpa a thosaigh an feachtas.

“Táimid tar éis bogadh ar aghaidh agus ní féidir linn rud ar bith eile a dhéanamh.

“Bhí go leor dráma thart timpeall na naíscoile ach tá gach rud suaimhneach anois.

“Níl na daoine a bhí ag dul i ngleic linn tar éis bheith i dteagmháil agus níl rud ar bith feicthe agam ar líne.”

Tá Linda mar oifigeach forbartha Gaeilge do Thuras, an eagraíocht atá taobh thiar dos na ranganna Gaeilge a bhfuil na céadta ag freastal orthu in ionad Skainos in oirthear na cathrach agus atá taobh thiar do Naíscoil na Seolta. Tá an naíscoil nua á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus i ndiaidh na mbagairtí, thug gnáthdhaoine £16,000 don togra ar an idirlíon.

“Tá na páistí agus an fhoireann iontach sásta go bhfuilimid ar ais,” a dúirt Linda.

“Is mór an trua é nach rabhamar ábalta naíscoil a oscailt i mBraniel ach sin mar a tharlaíonn.”

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Cuireadh fáilte mhór roimh an scéal go raibh an naíscoil nua le hoscailt i mí Mheán Fómhair. Dúradh gur dea-chomhartha a bhí ann don athmhuintearas agus gur léirigh an scéal go bhfuil tuiscint ag bláthú sa Tuaisceart go mbaineann an Ghaeilge le gach duine.

“Nuair a bhí mé i dteagmháil le Bunscoil Braniel ag an dtús, dúirt siadsan go raibh siad sásta toisc go dteastaíonn uathu athmhuintearas a bheith chun tosaigh acu. Bhí fáilte mhór romhainn.”

Sa todhchaí, dúirt Linda go bhfuil sí dóchasach go mbeidh an scoil i bhfad níos láidre.

“Tá áit shealadach againn ach táimid ag iarraidh suíomh buan a lorg agus táimid ag amharc ar an gceantar le haghaidh suíomh buan a ligfidh dúinn fás.

“An plean atá againn ná naíscoil agus bunscoil a bhunú agus amach anseo tá súil againn, meánscoil,” a dúirt sí.


Most Watched





Privacy