Na Gaeil i mbun comhrá arís agus bialann na Gaeilge ar ais

Dinnéar réidh: Dónal Ó Raghailligh taobh amuigh de Chultúrlann McAdam-Ó Fiaich an tseachtain seo

Bia Loch Lao

Bia Loch Lao

thumbnail: Dinnéar réidh: Dónal Ó Raghailligh taobh amuigh de Chultúrlann McAdam-Ó Fiaich an tseachtain seo
thumbnail: Bia Loch Lao
thumbnail: Bia Loch Lao
Gráinne Ní Ghréacháin

Tá bialann cháiliúil Ghaeilge oscailte arís tar éis míonna de bheith dúnta – agus tá sí anois faoi bhainistíocht nua agus ainm nua.

Lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Iarthar Bhéal Feirste i gCultúrlann McAdam-Ó Fiaich, ionad ealaíon agus cultúrtha ar Bhóthar na bhFál, is sa bhialann istigh ann a mbailíonn Gaeil na cathrach le chéile.

Tá raon áiseanna ar fáil sa Chultúrlann, ina measc ranganna Gaeilge, ceardlanna ealaíne, céilithe, imeachtaí do dhaoine óga, ceolchoirmeacha agus taispeántais ealaíne. Anois, tá an caifé athoscailte faoi chonraitheoir nua.

Is ábhar áthais an nuacht faoi athoscailt na bialainne, agus an pobal thar a bheith sásta a bheith ar ais ag ithe agus ag baint sult as an chraic arís.

Is áit fháilteach chroíúil í an bhialann dar teideal Bia Loch Lao, le bia blasta agus áit ar féidir an Ghaeilge a chloisteáil agus a labhairt. “Tá foireann agam atá an-sásta an Ghaeilge a chur chun cinn agus atá ag foghlaim na Gaeilge,” a dúirt Dónal Ó Raghailligh, a bhainistíonn an bhialann.

“Is breá leo an bhialann atá againn sa Chultúrlann. Tá an t-atmaisféar ar fheabhas agus tá custaiméirí den scoth againn. Tá gach duine sásta a bheith ag obair san áit – is foirgneamh galánta é le neart staire ann.”

Tá Dónal, atá ina úinéir ar bhialann mhóréilimh eile i mBéal Feirste darb ainm Caulfields, ag obair i ngnó na mbialann ó bhí sé cúig bliana déag d’aois agus tá sé thar a bheith paiseanta faoin Ghaeilge.

Tá an bhialann le hoscailt san oíche ag soláthar bia blasta agus roimh i bhfad beidh seirbhís Dé Domhnaigh ann le dinnéar rósta ar fáil ann.

Is iad uaireanta oscailte Bhia Loch Lao Luan go Déardaoin, 9-7, Dé hAoine agus Dé Sathairn 9-9, agus ar an Domhnach 9-7.