| 2.6°C Dublin

Mháire Mhac an tSaoi, ceannródaí a bhfuil glúin banfhilí á leanúint

Close

Máire Mhac an tSaoi

Máire Mhac an tSaoi

Máire le Conor Crús

Máire le Conor Crús

/

Máire Mhac an tSaoi

Ba cheannródaí i ngort na filíochta í Máire Mhac an tSaoi a threabh iomaire atá á leanúint anois ag glúin banfhilí.

B’shin a thug an file agus an léachtóir Gaeilge Ailbhe Ní Ghear- bhuigh le fios agus í ag tabhairt ómóis do Mháire Mhac an tSaoi a fuair bás Dé Sathairn agus 99 bliain slánaithe aici..

“Duine eisceachtúil amach is amach, duine a chum filíocht ar a téarmaí féinig beag beann ar aon duine eile,” a dúirt Ailbhe agus í ag caint ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. “Bhí sí coimeádach go maith ó thaobh foirm na filíochta de, ó thaobh na canúna, chloígh sí go docht leis an gcanúint – ach bhí sí ana-mhisniúil go deo,” a dúirt sí.

Dar leis an léachtóir in Ollscoil na hÉireann i gCorcaigh, bheadh gach seans go ndéanfaí cinsireacht ar dhán óna peann a foilsíodh i 1956, Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin, de bharr tagairtí do chúrsaí gnéis is collaíochta, dá mba rud é go raibh siad scríofa i mBéarla seachas i nGaeilge.

Agus dar leis an Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh, Lillis Ó Laoire, ba léir ón dán sin gur “guth sainiúil fírinneach file” guth filíochta Mháire Mhac an tSaoi.

“Nuair a chuimhnítear ar an tréimhse inar scríobhadh na línte sin – cás na mban sa tír, gan mórán cearta acu agus gan aitheantas á thabhairt dóibh ar mhórán slite – chaithfidís ionadh a dhéanamh dóibh,” dúirt sé le Seachtain

“Mar gheall ar an nGaolainn é sin is dócha – cháinfí a leithéid dá scríobhfaí i mBéarla iad.

“Ní hiad na línte sin amháin a thuilleann clú di mar fhile.

“Tá na dánta aoibhne a bhaineann le máithreachas agus le saol an teaghlaigh, agus na haistriúcháin mhaorga ar Rilke.”

Ba iníon le beirt a throid in Éirí Amach na Cásca í Máire – Seán Mac an tSaoi, a bheadh ina Thánaiste, agus Mairéad de Brún. Chaith sí cuid mhór de shaoirí a hóige i gCorca Dhuibhne, áit a raibh tigh saoire ag a huncail, an Moinsíneoir Pádraig de Brún, ollamh le Gaeilge, agus fuair sí go leor dá cuid líofachta is feabhas teanga ansin.

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Bhí saol oibre lonrach aici sa Státseirbhís sular phós sí an polaiteoir Conchúr Crús Ó Briain. Ba í an chéad bhean in Éirinn a cháiligh ina habhcóide agus bhí sí ina taidhleoir ag na Náisiúin Aontaithe.

Tá an dán Oíche Nollag, a scríobh sí agus í cúig bliana déag d’aois, fós á staidéar ag daltaí meánscoile. Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, ar cheannliosta na gceannairí ón saol poiblí a thug ómós di.


Most Watched





Privacy