| 10.2°C Dublin

Laochra rugbaí ar thairseach na staire

Close

Imreoirí na hÉireann ag ceiliúradh bua a bhfoirne tar éis chluiche Rugbaí na Sé Náisiún idir Albain agus Éire i Staid Murrayfield

Imreoirí na hÉireann ag ceiliúradh bua a bhfoirne tar éis chluiche Rugbaí na Sé Náisiún idir Albain agus Éire i Staid Murrayfield

Imreoirí na hÉireann ag ceiliúradh bua a bhfoirne tar éis chluiche Rugbaí na Sé Náisiún idir Albain agus Éire i Staid Murrayfield

Tá sé ráite go minic gur maith le Andy Farrell agus a fhoireann dúshláin a shárú ach tá mé cinnte go mba mhaith leo go stopfadh na dúshláin ag pointe áirithe.

A leithéid de chluiche fisiciúil a bhí ag foireann na hÉireann in aghaidh na hAlban i gcomórtas na Sé Náisiún ag an deireadh seachtaine. Bhí ar Caelan Dorris, Dan Sheehan, Iain Henderson, Ronan Kelleher agus Garry Ringrose an pháirc a fhágáil le gortú.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil drochghortuithe ag cur as do Henderson, Kelleher agus Ringrose go háirithe agus ní dóigh liom go mbeidh aon seans ann go mbeidh siad ar fáil Dé Sathairn.

Choinnigh na hÉireannaigh an-ghuaim orthu féin sa chluiche, go háirithe nuair nach raibh rudaí ag dul go maith dóibh. Bhí ar Chian Healy teacht isteach agus feidhmiú mar húcálaí le himreoir rugbaí na bliana Josh Van der Flier ag caitheamh na liathróidí isteach don síneadh amach.

Léirigh Éire aibíocht agus an-charachtar, rud atá Farrell tar éis a neartú san fhoireann.

Is cuma cad a tharlaíonn, níl aon leithscéal ann agus bíonn na himreoirí ag déileáil le gach rud a chaitear ina dtreo go calma agus go fuarchúiseach.

Sílim go bhfuil éabhlóid i gceist anseo ó na laethanta a bhí ag Joe Schmidt agus tá siad ar thairseach na staire anois an Chaithréim Mhór a bhaint den chéad uair ó 2018.

Bhí Sasana uafásach in aghaidh na Fraince, ag cailleadh 53-10, agus beidh na hÉireannaigh airdeallach nach mbeidh siad leath chomh dona an cluiche seo.

Ba léir na deacrachtaí a bhí ag Sasana, le Marcus Smith ag toiseacht ag uimhir a deich in áit Owen Farrell, ach ó thaobh na fisiciúlachta agus na haclaíochta de, bhí an Fhrainc níos fearr.

Ní raibh siad in ann déileáil le luas agus cumhacht na Fraince. Seans maith go dtosnóidh Smith arís mar leathchúlaí amuigh chun seans eile a thabhairt dó ach beidh ar Shasana feabhas iomlán a dhéanamh ar an taispeántas in aghaidh na hÉireann.

Is iad Éire rogha na n-údar chun an cluiche seo a bhaint agus cé go mba mhaith le Sasana an plean sin a mhilleadh, ba chóir go mbeadh an lá le hÉirinn.

Tá cuma níos láidre ar mheon na nÉireannach agus seans maith go bhfeicfidh muid Johnny Sexton ag sárú churiarracht Ronan O’Gara ar an mhéid pointí is mó atá aimsithe ag aon imreoir i gComórtas na Sé Náisiún.

Seans maith go bhfeicfidh muid an captaen ag ardú a gceathrú corn ach a chéad cheann mar chaptaen agus sa bhaile. Dúirt Sexton “go bhfuil sé ina bhrionglóid mhór aige” an t-éacht sin a dhéanamh ach tuigeann sé féin agus a chomhghleacaithe go maith go gcaithfidh siad taispeántas agus bua a ghnóthú ar dtús.


Most Watched





Privacy