| 4.5°C Dublin

Ionadh ar roinnt daoine faoin Mhí... ach ní raibh ionadh ar mhná na Mí!

Close

Mná na Mí lena ngradaim

Mná na Mí lena ngradaim

Sibéal Ní Chasaide ag na gradaim

Sibéal Ní Chasaide ag na gradaim

Paul Harrington agus Charlie McGettigan

Paul Harrington agus Charlie McGettigan

Dáithí ag na gradaim

Dáithí ag na gradaim

/

Mná na Mí lena ngradaim

An t-am seo an bhliain seo caite bhí peileadóirí ban na Mí ag déanamh go maith sa ghrád idirmheánach agus a súile féin dírithe ar an gcorn sin a bhaint.

Is cuimhin liom a bheith i bPáirc an Chrócaigh dhá mhí ó shin agus ár súile dírithe ar fhoireann iontach ban Bhleá Cliath agus iad siúd ag féachaint ar cheithre cinn a chur le chéile.

Díreach ar nós na bhfear ón gcontae sin, ní raibh an lá leo. Le bheith fírinneach thug ana-chuid deis do Mhaigh Eo i gcluiche na bhfear, ach ní raibh éinne ag féachaint ar an Mhí.

Bhí sórt ionadh ar dhaoine nuair a bhaineadar an cluiche ceannais amach – ní raibh ionadh ar bith ar mhná na Mí! Bhí daoine ag rá go bhfuil sé ró-luath dóibh agus go mbeidh seans acu an bhliain seo chugainn. Bhí plean eile ar fad ag na mná seo.

An chúis go bhfuilim sa pháirc imeartha seo ná go rabhas ag na Gradaim All-Stars ag an ndeireadh seachtaine agus na cuimhní seo ar fad ag teacht ar ais agus cuid mhaith cainte déanta againn chomh maith oíche Dé Sathairn. Bhí sé go deas a bheith i measc mo dhaoine fhéin d’oíche mar seo.

Is breá liom ócáidí Pheil na mBan. Bíonn craic maith iontu i gcónaí agus ócáidí a leanann go maidin go minic. Ní raibh cead a bheith déanach i mbliana toisc srianta Covid-19.

Bíonn an ócáid seo de ghnáth in óstán an Citywest ach toisc go bhfuil sin in úsáid do rudaí eile, bhí orainn bogadh go dtí óstán an Bonnington ar an dtaobh eile den gcathair. Bíonn breis agus míle duine ag an oíche seo de ghnáth ach anois toisc na srianta ní raibh cead ach ag 350.

Ócáid iontach pé scéal é agus áthas ar gach éinne a bheith páirteach.

Taobh amuigh dos na gradaim bíonn oíche mhór siamsaíochta ann. Bhí na leanaí ‘Rock ‘n’ Roll ann, Charlie McGettigan agus Paul Harrington agus gan dabht chanadar an t-amhrán Eoraifíse is fearr liom.

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Níl mórán aoise tagtha ar an mbeirt seo, iad lán le ceol agus craic i gcónaí. Iad ana-shásta a bheith amuigh ag gigeáil arís, ach eagla orthu leis na huimhreacha arda aríst cad a thiocfaidh tar éis na Nollag.

Táimid ar fad is dócha.

Bhí Sibéal Ní Chasaide í fhéin ag canadh ar an oíche agus bhí sí thar barr.

Táim ag dul go dtí na gradaim seo le nach mór 20 bliain anois agus is iad foirne Bhleá Cliath, Chorcaí agus Mhaigh Eo a bhí go mór ainmnithe agus cúis mhaith leis sin – bhíodar ag buachaint an t-am ar fad.

Bhí an Mhí go láidir agus go tréan i mbliana agus bhíodar ann le hualach a thógaint abhaile leo thar teorainn.

Bhíos ag caint le cúpla duine acu agus ag rá liom go bhfuil ‘ríméad speisialta’ ann teacht go Bleá Cliath agus rudaí a thógaint abhaile leo. Dheineas gáirí fé seo.

Triúr ó Chontae na Mí a bhí ainmnithe mar imreoirí na bliana, rud a deireann ana-chuid fén bhfoireann seo. Vikki Wall a thug an oíche léi leis an ngradam agus a céad gradam All Star chomh maith.


Most Watched





Privacy