
Tar éis bhua idirnáisiúnta An Cailín Ciúin, tá sé fógartha ag TG4 go mbeidh cúig scannán nua ag fáil a gcéad léirithe dhomhanda ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.
Tá scannán a bhaineann leis na comórtais rámhaíochta idir pobail Ghaeltachta faoin gcósta, Tarrac, i measc na scannán sin a bheidh le feiceáil i bpictiúrlann an Pháláis i gCathair na dTreabh.
Scannán é Tarrac, ar nós An Cailín Ciúin, atá mar thoradh ar an gciste léirithe, Cine 4, a bhunaigh TG4 i gcomhpháirtíocht le Fís Éireann.
Scannán eile ón gciste is ea Róise agus Frank, ón gcomhlacht céanna a thug Arracht ar an saol. Tá trí scannán faisnéise ar an liosta – An Buachaill Geal Gáireach, scannán mar gheall ar amhrán faoi Mhícheál Ó Coileán, Aisling Trí Néallaibh faoin údar Doireann Ní Ghríofa, agus Cathair na Mílte Grian, a fhiosraíonn éifeachtaí an chogaidh le scrúdú ar Hiroshima, an chathair inar phléasc an chéad bhuama adamhach in 1945.
Tá clár iomlán na féile le fáil ag www.galwayfilmfleadh.com.