Éire i mbun atógála ach tús maith de dhíth

Sheas Aoife Dalton amach ar an turas chun na Seapáine

Gráinne McElwain

Ná bí buartha ach má mhothaíonn tú rugbaí na Sé Náisiún uait faoi láthair, níl i bhfad le dul sula gcuir-fear tús leis arís. Beidh Comórtas Ban na Sé Náisiún, atá urraithe ag TikTok, ar siúl ag an deireadh seachtaine agus ba chóir go mbeadh neart coimhlintí ann.

Is iad Sasana rogha na n-údar chun an comórtas a bhuachan den chúigiú huair as a chéile agus tar éis briseadh croí in aghaidh na Nua-Shéalainne i gCorn Rugbaí an Domhain anuraidh, nuair a chaill siad 34-31 sa chluiche ceannais, beidh siad iomlán dírithe ar an chomórtas seo.

Ach, tá roinnt de na himreoirí móra le rá acu in easnamh, ina measc an captaen Emily Scarratt a bhfuil gortú rúitín agus muiníl ag cur as di, chomh maith le Zoe Harrisson (glúin).

D’éirigh le himreoirí na tíre conarthaí lánaimseartha gairmiúla a fháil in 2019 agus ba léir an buntáiste a bhí acu in éineacht leis an Fhrainc a bhfuil conarthaí 75% gairmiúil acu le tamall anuas.

Ach tá conarthaí de chineál éigin ag gach foireann anois, Éire ina measc, agus beidh le feiceáil cén sórt tionchair a bheas aige sin ar an bhearna idir na foirne a laghdú. D’ainmnigh coitseálaí na foirne Greg McWilliams painéal de 32 imreoir, le hochtar ag súil le geansaí na hÉireann a chur orthu den chéad uair.

Ní bheidh imreoirí ón fhoireann seachtar an taobh ag imirt leis an fhoireann i mbliana. Rinneadh cinneadh gan iad a chur san áireamh don chomórtas seo mar go bhfuil cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha mar sprioc acu siúd.

Ciallaíonn sé nach mbeidh leithéidí Eve Higgins, Bhéibhinne Parsons agus Aimee Leigh Crowe Murphy ag imirt leo. Dá bharr sin, tá béim curtha ag an bhainistíocht ar imreoirí úra a thriail agus an painéal a dhoimhniú.

Seo foireann óg a bheas ag dul chun páirce mar sin agus tá an chontúirt ann go mbeidh laethanta fada deacra os a gcomhair sa chomórtas i mbliana.

Ach mar thoradh air sin, tugann sé deis do níos mó imreoirí nua a lámha a chur in airde. Ghlac go leor páirt sa chomórtas úr an Celtic Challenge le déanaí agus bhí siad ar thuras chun na Seapáine den chéad uair.

Sheas roinnt imreoirí nua, ar nós Aoife Dalton, amach agus is fiú súil a choinneáil uirthi sa chomórtas.

Ní dóigh le mórán go mbeidh Éire in ann a gcéad chomórtas Sé Náisiún le deich mbliana a bhaint i mbliana, ach beidh siad muiníneach gur féidir leo tógáil agus taithí a thabhairt d’imreoirí óga.

Chaill Éire in aghaidh na Breataine Bige anuraidh 27-19 sa chéad bhabhta agus beidh siad ag súil gur féidir leo níos mó a bhaint as cluiche na bliana seo. Beidh siad in aghaidh na Fraince sa bhaile i mbabhta a dó sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Shasana i mbabhta a 4 leis an dá chluiche sa bhaile.

Beidh le feiceáil an féidir le hÉirinn tús maith a chur leis an chomórtas, rud a thabharfadh muinín dóibh a bheas ag teastáil go géar chun dul chun cinn a dhéanamh ó anuraidh.