Deireadh seachtaine iontach le paráid, an bua ag Ciarraí, an Ghaillimh agus Éirinn ...agus Lá na Máithreacha

Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath

Dáithí Ó Sé

Bhí deireadh seachtaine iontach ann – tá an abairt sin cloiste agam cúpla babhta anois le lá nó dhó anuas.

Bhuel, is Ciarraíoch mé a mhaireann sa Ghaillimh agus tá an dá chontae sin in Éirinn agus nuair a chuireann tú na nithe sin ar fad le chéile, tá ciall leis go bhfuilim fós sásta, le bua ag Ciarraí, an Ghaillimh agus Éirinn le Craobh na Sé Náisiún.

Gan dabht sara tharla aon chuid dó seo bhí ár lá náisiúnta againn ar an Aoine. Is maith liom Lá ’le Pádraig agus gach a mbaineann leis seachas an t-ól ar fad.

Is dóigh liom go rabhas riamh mar seo fén ól ar an lá seo agus go mórmhór ó tháinig an fear beag, ach le bheith fírinneach agus mé ag súil timpeall Bhaile Átha Cliath tar éis na paráide, bhí daoine ag ól agus ag baint sult as an ócáid agus ní raibh éinne ag titim timpeall na háite.

B’fhéidir go raibh níos déanaí sa oíche ach bhíos i bhfad imithe ag an bpointe sin!

Rud a chuir ana-áthas orm ná go raibh Gardaí i ngach áit agus iad go feiceálach. Ar lá mar seo bíonn sé sin ag teastáil agus tá creidiúint ana-mhór ag dul dóibh.

Seo an chéad uair go rabhas amuigh i measc an tslua le fada agus mé ag obair ar an gcraoladh teilifíse do RTÉ. Thugas an lá ar fad ar Shráid Uí Chonaill. Bhí daoine ann ó gach cearn don domhan.

Caithfead a rá go raibh níos mó Meiriceánach ann thar aon náisiún eile. Bhíodar ann ó Ohio, Texas, Washington agus áiteanna eile agus iad ar fad ag rá liom go rabhadar chomh sásta a bheith ann agus iad ag gabháil buíochais linn as an lá a thabhairt dóibh.

Bhíos ag féachaint orthu ar nós ‘níl aon bhaint agamsa leis’ ach thógas an buíochas ar fad, dúinn ar fad!

Tá ceacht le foghlaim ós na daoine seo – caithfidh muid fhéin an tsástacht chéanna a bhaint as ócáidí mar seo mar is linne iad. Fé mar a bhíos ag rá libh an tseachtain seo caite, ní bhíonn laethanta mar seo ag tíortha eile.

Abhaile linn – 6.30 sa tráthnóna a chuireas mo chosa in airde sa tig. Maidin Shathairn agus bhíos chun an lá a thógaint go réidh. Bhí breis agus 30,000 céim siúlta agam an lá roimh ré, sin a dúirt m’uaireadóir liom pé scéal é.

Ciarraí ar an dteilifís um thráthnóna, na brioscaí deasa tógtha amach agam agus an chéad rud eile tháinig fógra ar an dteilifís fé Lá na Máithreacha. Chaitheas éirí agus leithscéal a dhéanamh agus dul amach dtí’n siopa.

Bhí na cártaí ceannaithe agam i rith na seachtaine, ach dheineas dearúd ar na bláthanna agus na rudaí eile.

Dheineas an beart ach go háirithe agus bhí gach éinne sásta ar an nDomhnach.

Táim ag súil leis an lá nuair a bheidh an t-ógánach in ann na rudaí seo a dhéanamh dó fhéin.

Bhí sé naoi ar an Aoine chomh maith, rud a chuir go mór leis an ndeireadh seachtaine iontach seo.