| 12.8°C Dublin

Dáithí Ó Sé: Tar éis dhá bliain ag iarraidh Covid a sheachaint, rug sé orm agus anois tá sé deacair éirí ón leaba

Close

Dáithí sa teach an tseachtain seo agus Covid air

Dáithí sa teach an tseachtain seo agus Covid air

Dáithí sa teach an tseachtain seo agus Covid air

Táim ag scríobh chugaibh ón leaba an tseachtain seo. Bhíos ag rá libh ní ró-fhada ó shin gur dheineas ana-iarracht le dhá bhliain anuas gan a bheith ag scríobh fén gCovid, agus dheineas gach iarracht chomh maith an rud ar fad a sheachaint. Bheir sé orm ag an ndeireadh seachtaine.

Níl a fhios agam cá thánamar trasna ar a chéile. Ní mór na háiteanna go rabhas, taobh amuigh don obair agus don mbaile. Ó bheith ag éisteacht le daoine, níl sé deacair é fháil, ach buíochas le Dia níl an tsraith seo don víreas chomh láidir le cinn eile.

Cé nach rabhas ag braistint 100 faoin gcéad, baineadh sórt preaba asam nuair a chnoc go raibh an dá líne dhearg ar an maide agus ar nós cuid mhaith eile, dheineas an dara agus an triú ceann uair an chloig ina dhiaidh san. Bhí na línte céanna ann.

Bhí a fhios agam go raibh rud éigin mícheart liom nuair a chuala an chuach ag glaoch ar maidin.

Toisc gurb é seo an chéad uair go dtarla sé seo dom, ní raibh an prótacal ar eolas agam. Glaoch ar an mboss an chéad stop – dhein sé sin an-chuid eile dom. Seo an chúis nach bhfuilim ar an dteilifís an tseachtain seo.

Ní maith liom gan a bheith ag obair. Thugas aon bhliain déag le TG4 agus níor thógas ach cúpla lá breoiteachta, an rud céanna le RTÉ. Táim leo dhá bhliain déag agus dhá lá a thógas ó 2010.

Tháinig Covid agus bead imithe cúig lá an tseachain seo.

Toisc go bhfuil an rud seo sa tig níl cead ag éinne fágaint agus don gcéad uair ó bhogamar isteach ann tá an reoiteoir nach mór folamh. Ní cuimhin liom an uair dheireanach nach raibh fadhb againn an doras a dhúnadh!

Is maith an rud go bhfuil comharsana maithe againn chomh maith. Is ag amanta mar seo go dtuigeann daoine cé chomh tábhachtach is atá sé daoine maithe a bheith timpeall ort.

Má fhanann an aimsir go deas beidh an tseachtain níos giorra. Is féidir linn dul amach ag siúl timpeall an bhaile. Tá’s ag na comharsana go bhfuil sé orainn agus má chíonn éinne sinn, tiomáineann siad ar aghaidh.

Dheineas botún an chéad lá – chuas ró-fhada ón dtig agus nuair a thána abhaile bhí orm dul a chodladh. Ní raibh fuinneamh agam.

Bhíos ag rá liom fhéin, an chéad chúpla lá go mbeinn amuigh sa ghairdín agus sa chlós ag glanadh suas agus mé saor ón obair – ní mar atá leis an rud seo. Ar nós an reoiteora, níl puinn fágtha istigh na laethanta seo! Caithfear líonadh suas aríst.

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Bhí Lá ’le Bríde inné ann, ceann dos na laethanta is fearr liom sa bhliain. Tagann dóchas leis an lá seo gach bliain, go mórmhór i mbliana.

Sea, nílimse 100 faoin gcéad ach ná bac san. Tá rudaí ag feabhsú.

Inniu chomh maith lá breithe m’athar, bheadh sé 80. Anois cé go bhfuil an Covid orm agus pianta an fhliú orm, ólfaidh mé sláinte na beirte againn roimh dul a chodladh anocht.


Most Watched





Privacy