| 2.6°C Dublin

Dáithí Ó Sé: Táimid ana-bhródúil asat a Dhónaill agus thig linn uilig a bheith bródúil as Arracht

Close

Arracht

Arracht

Dónall Ó Héalaí in Arracht

Dónall Ó Héalaí in Arracht

/

Arracht

Chaitheas dul ar an nGoogle agus go dtí an bhfoclóir nuair a thána trasna ar an bhfocal ‘arracht’ don gcéad uair. Cheapas go raibh baint aige le ‘Aire’ ach níl. ‘Monster’ atá i gceist agus an focal arracht atá cloiste ag mórán le cúpla seachtain anuas.

Is duine de chlann na seanamhuintire é Dónall O Héalaí agus aon uair a thagann a ainm aníos tugaim mo chluas le héisteacht don gcomhrá. Bhí Dónall sna déaga luaithe nuair a bhuaileas leis don gcéad uair agus ón gcéad lá thaitin sé go mór liom. Sin an sórt duine atá ann, rógaire fir agus lasann suas an seomra agus an scáileán na laethanta seo.

Tá an scannán Arracht feicthe agam agus ní hamháin go bhfuil an scannán go maith, ach tá Dónall ar fheabhas! Ní mar ghaol atáim á rá, ach mar dhuine don lucht féachana.

Fear eile a thaitin liom i gcónaí agus aríst fear atá timpeall le tamall is ea Dara Devaney. Is cuimhin liom a bheith ag obair lena dheirfiúr Áine i TG4 breis agus 20 bliain ó shin.

Sea, bhíodh sí ar an aimsir agus go hiontach aige. Bhíomar fad i ngrá léi. Mar aon le Dónall, tugann Dara ana-chuid chugainn anseo, tugann sé an dorchadas leis isteach sa scannán seo agus cuireann sé an craiceann ar an gcnámh dúinn.

Taobh amuigh dos na carachtair iontacha daonna atá sa scannán seo, tá ról ana-mhór ag an dtírdhreach ann. Tá sé lárnach agus tá tamall ó chuir tírdhreach le scéal in aon scannán dom.

Nuair atá seo ar fad bunaithe ar an nGorta Mór, tá na goirt agus feirmeacha beaga lárnach ann. Chun snas a chur air seo ar fad tá ceol ag teastáil agus bíonn an freagra go minic san áit chéanna nuair a thagann sé go scannáin Ghaelacha – Kíla!

Tuigeann siad, cumann siad, agus ceolann siad. Is minic go líonann an ceol na poill atá i scannán, ach sa chás seo tá níos mó ná sin i gceist. Tá sé ar nós go dtarraingíonn sé an rud ar fad le chéile.

Faigheann tú fíor-bhrí an ábhair seo in Arracht, níos fearr ná aon leabhar, seachas b’fhéidir ón leabhar Atlas of the Great Irish Famine, leabhar atá breis agus 700 leathanach ar fhad agus dála an scéil tá sé léite agam.

Taobh amuigh den leabhar eisceachtúil seo (ar chaitheas breis agus sé mhí á léamh) ’sé Arracht an ‘boss’. San uair a chloig go leath atá ann, faigheann tú léargas ar conas mar a bhí ag an am agus trí dhorchadas, éadóchas, éagóir agus cruatan go bhfuil spás i gcónaí don teacht aniar, má tá an mianach ann! Tá ceart le foghlaim againn ar fad anseo.

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Ar ais go dtí Dónall sara bhfágfaidh mé sibh. Gaillimheach le croí Ciarraíoch é, dar liomsa go háirithe.

Bheadh sé chomh compordach i dTigh Tábhairne an Bhóthair i bParóiste Múrach agus a bheadh sé sa Chistin ar an gCeathrú Rua. Labhraíonn sé Gaeilge agus Gaolainn. Sin an sórt duine é.

A Dhónaill, táimid ana-bhródúil asat. Ó thuaidh a bhuachaill!


Most Watched





Privacy