
Tá an Late Late Toy Show ar siúl ar an Aoine. Is breá liom an ócáid seo – ní clár teilifíse amháin atá ann. An t-aon fhadhb atá agam leis agus cuirfidh mé díom é seo go luath ná nach maith liom é a bheith ar siúl i mí na Samhna!
Tá a fhios agam go n-oibríonn mé don stáisiún seo agus is cara maith liom é Tubs, fós b’fhearr liom an clár ‘Nollag’ seo i mí na Nollag! Sin é mo chuid ráite fé sin.
Is cuimhin le daoine atá ar comhaois liomsa Gaybo á chur i láthair agus chuala tamall fada ó shin ná raibh suim ar bith aige seó mar seo a dhéanamh ag an dtús agus ní fhaca sé an tairbhe a bhí ann go dtí go ndúirt comhghleacaí dár ainm Maura gur cheart é a dhéanamh – agus féach anois, ’sé seo an clár leis an lucht féachana a bhíonn ann gach bliain.
Ag féachaint siar, bhí ‘gig’ deas ag Gay i gcomparáid le Ryan an lae inniu. Bíonn i bhfad níos mó leanaí agus bréagáin ann na laethanta seo – ní bheidh i mbliana toisc Covid, ach bíonn de ghnáth.
An uair úd nuair a tháinig cluiche nó bréagán éigin ar an seó, sin an rud a bhí uainn ar fad don Nollaig. Ní bhíodh aon litir scríte go Saintí go dtí go mbíodh an Toy Show críochnaithe.
Is cuimhin liom nuair a chonaic an cluiche Mouse Trip ar an seó, ar an bpointe bhí sé uaim ó Saintí. Fuaireas rothar ar chúis éigin an bhliain sin – tuigim anois canathaobh go bhfuaireas. Bhí a aigne déanta suas ag Saintí roimhe sin! Seo, dála an scéil, an t-aon oíche sa bhliain go raibh cead againn fanacht inár suí tar éis a naoi agus ba rud mór dúinn é seo chomh maith.
Ní dóigh liom gur éirigh liom an chuid dheireanach den seó a fheiscint riamh.
Bhíos lán le ceol don gcuid is mó agus ansan bhíodh ar mo mháthair nó m’athair mé a thabhairt síos go dtí’n leaba. Bhuaigh an codladh i gcónaí.
Tarlaíonn an rud céanna na laethanta seo, ach dúisím ar an dtolg ag a dó ar maidin!
Is oíche mhór cóisirí an oíche seo anois.
Tá sé go hiontach mar tugann sé an chlann ar fad le chéile agus bíonn rudaí deasa le n-ithe agus, ag dul ar ais go dtí cad a dúirt ag an dtús, is ócáid atá ann.
Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin bhí PJs an Late Late á gcaitheamh ag daoine timpeall na tíre.
Tá seó mar seo déanta dos na meáin shóisialta agus is mó a bhí ag féachaint ar an dá mhodh seo ag an am céanna. Is leor ceann amháin domsa.
Bíonn slite éagsúla ann gach bliain tús a chur leis an Nollaig agus seo ceann acu – agus an tslí go bhfuil rudaí ag imeacht na laethanta seo le figiúirí Covid agus mar sin de, beidh cúis áthais againn agus sinn ag féachaint i dtreo na Nollag agus a fhios againn go bhfuil níos mó sa saol seo seachas an diabhal víris sin.
B’fhéidir go rabhas mícheart, b’fhéidir gur cheart an Toy Show a bheith ar siúl mí ó shin!