Thuas seal, thíos seal. Ní dóigh liom go raibh meangadh gáire ar aghaidh Jürgen Klopp ag an deireadh seachtaine nuair a chaill a fhoireann 1-0 in aghaidh AFC Bournemouth atá trí phointe ó íochtar an tábla i bPríomhroinn Shasana.
D’éirigh le Liverpool Manchester United a bhualadh 7-0 cúig lá roimhe sin agus cheap go leor go raibh siad ar an bhóthar cheart chun áit a bhaint amach i Sraith na Seaimpíní arís an bhliain seo chugainn.
Ach, ní mar a shíltear a bhítear. Scóráil Mo Salah dhá chúl sa chluiche sin in aghaidh Manchester United chun é a chur ar bharr an liosta de na himreoirí is mó a d’aimsigh cúil (129) sa chlub i bPríomhroinn Shasana.
Chuir sé cic éirice in éadán Bournemouth amú agus beidh Klopp ag súil nach raibh ann ach céim bheag siar seachas tús le tréimhse i bhfad níos measa.
Leanúnachas. Gan dabht, sin é an rud mór go bhfuil Liverpool ag streachailt leis i mbliana. Is féidir leo torthaí cosúil leis an chluiche in aghaidh Manchester United a ghnóthú ach níl siad in ann cur leis an taispeántas an chéad uair eile, rud a chuireann frustrachas ar Klopp agus a gcuid tacadóirí.
In aghaidh Bournemouth, bhí an fuinneamh a bhí rí-shoiléir in aghaidh Manchester United in easnamh. Mar sin, cad atá le teacht anocht?
Bhuaigh Real Madrid 5-2 sa chéad chluiche i Sraith na Seaimpíní coicís ó shin agus is iad mar rogha na n-údar na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach tar éis an chluiche anocht.
Caithfidh gach rud dul i gceart do Liverpool anocht agus caithfidh gach imreoir imirt thar barr. Is ceist mhór é don chlub ach beidh le feiceáil cén fhoireann a chuirfeas chun páirce.