| 12.3°C Dublin

Ceisteanna móra atá le socrú sa tSraith Allianz

Close

Tír Eoghain le Craobh na hÉireann

Tír Eoghain le Craobh na hÉireann

Tír Eoghain le Craobh na hÉireann

Faoi cheann 12 seachtaine, tosnóidh an Chraobh CLG agus dá bharr, níl mórán ama ag foirne chun réiteach dó. Cuirfear tús le Sraith Peile Allianz an deireadh seachtaine seo agus seo trí rud a mbeidh mé ag coinneáil súil orthu.

1. Áth Cliath. Den chéad uair ó 2015, ní hiad na Dubs seaimpíní na hÉireann. Tá go leor imreoirí móra le rá tar éis éirí as agus tá mé ag súil go bhfeicfidh muid freagra uathu tar éis a gcoróin a ghéilleadh anuraidh.

D’éirigh leo Corn Uí Bhroinn a bhaint den chéad uair ó 2017, le Dessie Farrell ag triail 40 imreoir sa chomórtas. D’admhaigh Farrell go bhfuil níos mó imreoirí ag teastáil agus sin rud a bhí in easnamh orthu anuraidh ón bhinse go háirithe. Scrúduithe níos déine atá le teacht ach níl an chuma dhochloíte orthu níos mó.

2. Tír Eoghain. Bhuaigh siad Craobh na hÉireann in 2021 ach tá go leor foirne ag féachaint orthu ag rá leo féin, ba chóir go mbeadh an corn sin againn. Foirne ar nós Ciarraí, Maigh Eo, Muineachán agus Dún na nGall.

Dúirt Feargal Logan, comhbhainisteoir na foirne, go bhfuil siad taobh thiar de fhoirne eile ó thaobh aclaíochta de agus beidh le feiceáil an fíor é sin. Tá imreoirí ar nós Tiernan McCann, Hugh Pat McGeary, Ronan O’Neill agus Mark Bradley tar éis an painéal a fhágáil. Buailfidh siad le Muineachán Dé Domhnaigh agus tá Muineachán tar éis Corn Mhic Cionnaith a bhaint den chéad uair le 19 mbliana. Feicfidh muid cén tionchar a bheas ag an dara séasúr ar fhir na Láimhe Deirge.

3. Ciarraí & Maigh Eo. Níl Jack O’Connor ag tabhairt mórán sosa dá imreoirí, le himreoirí atá san iomaíocht i gCorn Mhic Shigiúir ag teacht isteach mar ionadaithe do Chiarraí i gCorn Mhic Craith.

De ghnáth, ní fheiceann tú na himreoirí mór le rá sa chomórtas seo ach níl ach toradh amháin ag teastáil ó Chiarraí i mbliana, agus sin Sam Mag Uidhir. Tá an-bhrú ar Jack O’Connor agus na peileadóirí mar sin.

Bua síceolaíochta atá ann do Mhaigh Eo go bhfuil Oisín Mullin ag fanacht ach arís, an bhfuil a seans chun Sam Mag Uidhir a bhaint imithe? Deirtear é sin i gcónaí fúthu ach bhí sé iontach díomách an dóigh nár imir siad in aghaidh Thír Eoghain sa chluiche ceannais anuraidh.

Ceachtanna foghlamtha? Beidh le feiceáil ach tá teacht aniar mór iontu. Ba chóir go mbeadh an-chluiche idir iad agus Dún na nGall Dé Domhnaigh.

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required


Most Watched





Privacy