‘Cad é mar is féidir leis an eite dheis a bheith ag gearán faoi bhagairtí don chultúr dúchais gan focal Gaeilge acu?’

Deir an t-iriseoir agus an t-údar Ciarán Dunbar gur cosaint í an Ghaeilge ar an fhás atá tagtha le déanaí ar an eite dheis in Éirinn – agus gurb iad na dreamanna atá in éadan imirceach atá ag déanamh ionsaí ar na teanga fosta

Agóid i mBaile Átha Cliath

Is suimiúil nach mbíonn focal Gaeilge ag an eite dheis antoisceach in Éirinn, an bhfuil sé sin mar chuid den scéal?

I gcomparáid leis an chuid eile den Eoraip, níor éirigh leis an eite fhíordheis mórán dul chun cinn a dhéanamh in Éirinn riamh, cé is moite de na ‘Léinte Gorma’ sna 1930idí.

I saol na Gaeilge, bhí ár sáith againn den eite dheis chomh maith. Lean Ailtirí na hAiséirghe ar aghaidh go dtí 1958. Cé gur dhream beag é, bhí tionchar aige, óir b’as a d’eascair Glún na Buaidhe faoi cheannaireacht Phroinsias Mhic an Bheatha.

Má bhí Mac an Bheatha ina radacach ó thaobh na Gaeilge de, ní raibh dúil aige san fhaisisteachas agus bhris sé ó na hAiltirí nuair a léirigh ceannaire an pháirtí, an Feirsteach Gearóid Ó Cuinneagáin, a chuid pleananna meigleamáineacha.

Ach níor tháinig aon ‘Front National’ ar nós pháirtí Le Pen sa Fhrainc chun cinn in Éirinn le 50 bliain anuas.

Tá an Páirtí Náisiúnta agus an ‘Irish Freedom Party’ ann anois, cé gur páirtithe bídeacha iad.

Tá Aitheantas Éire (sic) dulta in éag. Tá plámás éigin ar shuíomh idirlín an ‘Freedom Party’ i dtaca leis an Ghaeilge. Is ar éigean go bhfuil tagairt ar bith don teanga ar shuíomh an Pháirtí Náisiúnta don teanga, cé go mbaineann mórán gach rud le haitheantas na hÉireann, tagairt fhánach amháin don Ghaeilge a fuair mise ar shuíomh an pháirtí. Ní luaitear í i measc phrionsabail an pháirtí.

Ar bhealach, is ábhar iontais é nach bhfuil páirtí suntasach ar an eite dheis in Éirinn ar dhá chúis.

Sa chéad dul síos, ba thír Chaitliceach go smior í Éire go traidisiúnta. Níor tháinig aon athrú air sin go dtí tuairim is 30 bliain ó shin. Sa Spáinn, sa Fhrainc agus san Iodáil, tá go leor de pholaitíocht na heite deise sna tíortha sin bunaithe ar náisiúnachas atá ceangailte le traidisiúin an Chaitliceachais.

Is dócha gur imigh an creideamh in éag go róthapa in Éirinn agus nach raibh seans ag páirtí dá leithéid teacht chun tosaigh – seans go n-imreoidh Aontú an ról áirithe seo ach ní mheasaim gur den fhíor-eite dheis iad siúd.

Sa dara dul síos, tháinig athrú ollmhór ar dhéimeagrafaíocht na tíre le 20 bliain anuas nó mar sin.

De réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), is thar lear a rugadh 17% de dhaonra Phoblacht na hÉireann. Tháinig 46% díobh isteach le cúig bliana anuas i gcomparáid le 22% ar an mheán ar fud thíortha an OECD.

De ghnáth san Eoraip, thiocfadh páirtí frith-inimirce suntasach chun tosaigh sa chomhthéacs sin; níor tharla sé sin in Éirinn go fóill.

Ceist na Gaeilge

Bhí mise den tuairim riamh anall go raibh an Ghaeilge (agus ceist na críochdheighilte) ina cuid den mhíniú ar cén fáth nár tháinig páirtí i bhfad amuigh ar an eite dheis chun cinn sa tír seo.

Cad é mar is féidir a bheith ag gearán faoi bhagairtí do chultúr dúchais na tíre, gan focal de theanga na tíre agat féin?

Conas is féidir a bheith ag maíomh go bhfuil inimircigh ag scriosadh do thraidisiúin gan aon tuiscint agat féin ar an traidisiún chéanna?

Tá aithne agam ar na scórtha daoine i bhfad amuigh ar an eite dheis in Éirinn, cuid mhaith acu ciníoch go smior.

Níl focal Gaeilge ag aon duine acu, duine ar bith. Níl spéis ag aon duine acu sa Ghaeilge nó déanta na fírinne, roinnt mhaith den am, in aon ghné de chultúr Gaelach na hÉireann. Tá siad ar an dream is gallda in Éirinn i gcónaí – is é an cultúr atá faoi bhagairt in Éirinn dar leo ná an cultúr Gallda, “they can’t even speak English”, a deir siad.

Tá siad gan cultúr nach cultúr Angla-Shasanach é. Bíonn siad de shíor ag amharc soir go Sasana.

As an aithne atá agamsa ar chuid de na daoine seo, mothaím nach náisiúnaithe Éireannacha iad ar chor ar bith ach leagan glas d’fhor-náisiúnachas na Breataine.

Is minic nach bhfuil aon pholaitíocht ná náisiúnachas acu fiú – baineann chuile rud le heagla roimh ‘eachtrannaigh’.

Feictear nach bhfuil urlabhraí a bhfuil Gaeilge aige nó aici ar bith ag na dreamanna beaga seo a luaigh mé cheana. Feictear na hiarrachtaí amaideacha a dhéantar an teanga a scríobh ar líne.

Is í an Ghaeilge a shábháil Éire ón chineál polaitíochta seo, go dtí seo pé scéal é.

Ní féidir an dá rud a réiteach – easpa Gaeilge agus náisiúnachas thar fóir ar an taobh eile.

Cad a tháinig ar dtús báire, smaoiním, an é an easpa Gaelachais a spreag an ciníochas nó a mhalairt?

Ciníochas

Tá nasc na heite deise in Éirinn leis an eite dheis i Sasana soiléir, ní dhéantar aon iarracht é a chur faoi cheilt. Bhí Tommy Robinson (Stephen Christopher Yaxley-Lennon, fear de bhunadh na hÉireann) anseo ar na mallaibh agus bhíothas ag caitheamh leis mar a bheadh laoch ann. Caithfidh muid a bheith rud beag ionraic linn féin áfach. Is maith le muintir na hÉireann a bheith ag smaoineamh orainn féin mar phobal glan ón chiníochas, rud a bhí éasca go leor nuair nach raibh imircigh ar bith sa tír, ach níorbh fhíor riamh é.

Má tá muid iontach ionraic linn féin, bhí comhráite againn go léir le gaolta atá ina gcónaí thar lear agus ba mhinic a chuala muid tuairimíocht chiníoch uathu, idé-eolaíocht na lonnaitheoirí fiú.

‘Ilchultúrachas’

Tá sé thar a bheith deacair sainmhíniú a chur ar fáil d’ilchultúrachas mar choincheap mar bíonn rudaí difriúla i gceist ag daoine éagsúla.

Is réaltacht phraiticiúil é seachas idé-eolaíocht – bíonn dreamanna éagsúla, a bhfuil cultúir éagsúla acu, a tháinig (nó ar tháinig a muintir) ó áiteanna éagsúla ó dhúchas ag cur fúthu sa tír chéanna – cén dóigh a bpléitear leis sin – sin ilchultúrachas.

Ní gá a rá ná gur coincheap an-solúbtha é agus baintear úsáid agus mí-úsáid as ar bhealaí éagsúla. Bíonn go leor de na mionsonraí le socrú ag pobal ar bith. Tír shaibhir shábháilte í Éire, d’ainneoin fhadhb na tithíochta, fórsaí cumhachtacha nádúrtha iad siúd a mheallfaidh daoine isteach i gcónaí. Ní féidir le duine ar bith ciallmhar a mhaíomh gur bagairt don Ghaeilge ilchultúrachas in Éirinn.

Ar ndóigh, má bhogann dream mór isteach i gceantar Gaeltachta gan fios acu ar an teanga, cuirfidh sé go mór leis an aistriú teanga go Béarla, ní féidir sin a shéanadh. Ach ní hiad na daoine a tháinig go hÉirinn ó thíortha eile a ghalldaigh Bearna, na Forbacha agus Maigh Cuillinn – Éireannaigh a bhí iontu sin.

Agus ar ndóigh, úsáidtear agus úsáidfear inimircigh agus a dteangacha chun teanga na nGael a chur faoi chois – ní féidir é sin a shéanadh ach oiread. Ach is Éireannaigh a rugadh in Éirinn a bhíonn ag dul don chluiche áirithe sin. Ní hé go bhfuil sé sin ó inimircigh ach tapófar leis an deis – in ainm an fhoráis agus an chothromais.

Is eagal liom anois freisin, fiú mura bhfuil focal Gaeilge ag an eite dheis in Éirinn, agus fiú mura bhfuil ciall ar bith sa ‘Ghaeilge’ a scríobhann siad ar líne, go n-úsáidfear sin chun ionsaithe a dhéanamh ar an teanga faraor.