| 7.5°C Dublin

Bua sa deireadh thiar thall... an gasúr óg a d’athraigh an domhan

Close

Dáithí lena thuismitheoirí Máirtín agus Seph agus a dheartháir óg Cairbre

Dáithí lena thuismitheoirí Máirtín agus Seph agus a dheartháir óg Cairbre

Dáithí le Seachtain a bhí ag tacú lena scéal

Dáithí le Seachtain a bhí ag tacú lena scéal

Dáithí Mac Gabhann agus a mhamaí Seph

Dáithí Mac Gabhann agus a mhamaí Seph

Dáithí ag Stormont

Dáithí ag Stormont

/

Dáithí lena thuismitheoirí Máirtín agus Seph agus a dheartháir óg Cairbre

Tá Dlí Dháithí ar an tairseach – ach ní bheidh an buachaill cáiliúil sé bliana d’aois a bhfuil croí úr de dhíth air in ann tairbhe a bhaint as.

Ní bhaineann an dlí stairiúil faoi dheonú orgán sa Tuaisceart ach le daoine fásta thar 18 mbliana d’aois, a tugadh le fios an tseachtain seo.

Ach níl díomá ar bith ar thuismitheoirí Dháithí Mhic Gabhann – bhí a fhios acu nár bhain sé le páistí ach is leor dóibh go sábhálfaidh sé beatha daoine eile.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín, an tseachtain seo: “An dóigh a n-amharcaimid air go bhfuil an cheist seo i bhfad níos mó ná Dáithí. Beidh an meon ag athrú maidir le deonú orgán agus sin an rud is tábhachtaí dúinn ar fad.

“Oideachas, feasacht – sin uilig ag teacht le chéile go ginearálta.

“Tá a fhios againn go mbeidh daoine eile ag baint tairbhe as an fheachtasaíocht atá muid a dhéanamh, ach i bhfírinne an misneach a fhaigheann muid agus an fuinneamh a fhaigheann muid, tagann sin ó Dháithí.

“Ní féidir linn cuidiú le Dáithí go haonarach ach más féidir linn seo a dhéanamh ina iomláine tá súil againn go mbainfidh Dáithí tairbhe as seo chomh maith.”

Thosaigh Máirtín agus máthair Dháithí Seph Ní Mhealláin (ar dheis, le Dáithí) ar fheachtas deonaithe orgán cúig bliana ó shin. Níor stop siad ag obair leis an dlí a athrú, dlí a dhéanfadh deontóir orgán de gach duine seachas má deir siad nár mhaith leo é. Deirtear go sábhálfaidh sé beatha naonúir ar a laghad gach bliain.

Bhain feachtas seo acu duaiseanna – ach bhí tionchar nach beag aige orthu. D’éirigh Máirtín as a phost mar mhúinteoir le tabhairt faoin fheachtas go lánaimseartha.

“Ní raibh mé ábalta díriú ar rud ar bith eile ach ag sábháil Dháithí. Is é dualgas tuismitheora páiste s’acu a chosaint, agus ní raibh mé in ann sin a dhéanamh,” a dúirt sé.

Bhuail an teaghlach le daoine mór le rá – foirne spóirt, polaiteoirí, agus réaltaí teilifíse agus ceoil ag bhí ag tacú leo.

Leag Dáithí amach an dornálaí Oilimpeach Paddy Barnes i Halla Uladh i mBéal Feirste nuair nach raibh sé ach trí bliana d’aois, agus is cairde é le leithéidí Martin O’Neill, an bainisteoir peile, agus na n-aisteoirí Jimmy Nesbitt agus Lisa O’Neill.

“Caithfidh sé gurb é an t-aon bhuachaill a bhíonn ag tacú le Celtic agus Rangers,” a dúirt Máirtín, mar fuair sé bronntanais ón dá chlub.

Ach anois, tá an cath bainte acu agus beidh Dlí Dháithí ann ar an chéad lá de Mheitheamh. Bhí an teaghlach i bparlaimint Shasana leis an lá stairiúil a fheiceáil.

“Bhí sé dochreidte go raibh siad ag caint faoi leaid óg ó Bhaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste, Gaeilgeoir beag ag athrú an domhain,” a dúirt Máirtín.

“Fuair mé teachtaireacht ó Chris Heaton-Harris (Rúnaí Stáit an Tuaiscirt) an mhaidin sin agus na focail a dúirt sé ná go bhfuil sibh ag athrú an domhain.

“Ní dóigh liom go dtuigimid an difir atá déanta againn agus nach mbeidh a fhios againn go deo. Ach tá mé chomh chomh bródúil.

“Lá fada a bhí ann agus bhí sé ina chodladh agus iad ag caint faoi. Bhí siad ag plé faoin reachtaíocht iomlán ar feadh roinnt uair an chloig mar sin d’imigh muid linn le haghaidh lóin.

“Ach tháinig muid ar ais agus bhí Dáithí ag léimnt thart. Leis na seachtainí a chuaigh thart thuig sé go raibh Dlí Dháithí i mbaol agus bhí seisean chomh bródúil sin.

“Anois atá sé fríd, bhí mé ag rá go mbeidh sé ag teacht sa samhradh agus go bhfuil mé sásta leis sin, ach fuair Dlí Dháithí beannacht ón rí agus tá Roinn Sláinte s’againn anois ag obair air agus tá seans ann anois go mbeidh dáta againn san earrach. Níl ach seachtainí sa difir ach sin bua beag eile.

“Bhí mise ag rá le tamall nach nglacfaidh mé le rud ar bith eile seachas an t-earrach agus sin mar a bheadh is léir.

“Tá mé fíor-bhródúil gurb é Dáithí mo mhac, agus fíor-bhródúil gur mise a dhaidí.”


Most Watched





Privacy