| 2.8°C Dublin

An panda a d’éalaigh ón zú a spreag scéal a ardaíonn ceist na n-ainmhithe

Close

Cara Murray (10) agus Ava Reilly (11) ó Bhunscoil Éanna leis an leabhar úr

Cara Murray (10) agus Ava Reilly (11) ó Bhunscoil Éanna leis an leabhar úr

An t-údar John Gray ag Zú Bhéal Feirste lena leabhar úr

An t-údar John Gray ag Zú Bhéal Feirste lena leabhar úr

Daltaí Ghaelscoil Éanna i gCo Aontroma leis an leabhar. Ó chlé, Oisín Finucane (11), Caoimhe Cunningham (11), Shaun McLarnon (11), Eoin McIlroy (10), Cara Murray (10) agus Ava Reilly (11).

Daltaí Ghaelscoil Éanna i gCo Aontroma leis an leabhar. Ó chlé, Oisín Finucane (11), Caoimhe Cunningham (11), Shaun McLarnon (11), Eoin McIlroy (10), Cara Murray (10) agus Ava Reilly (11).

/

Cara Murray (10) agus Ava Reilly (11) ó Bhunscoil Éanna leis an leabhar úr

Nuair a d’éalaigh panda ó Zú Bhéal Feirste cúpla bliain ó shin, d’fhás síol in intinn John Gray.

Agus an tseachtain seo tháinig an síol sin faoi bhláth nuair a foilsíodh leabhar a scríobh sé faoin eachtra.

Tá An Panda Rua a D’éalaigh ón Zú dírithe ar pháistí agus tá súil ag John go n-ardóidh sé ceisteanna faoi ról an zú i saol páistí sa lá atá inniu ann.

“Is ainmhí gleoite é agus nuair a d’éalaigh an panda beag rua thosaigh mé ag smaoineamh ar scéal faoi na heachtraí a bheadh aige agus é saor, agus ansin ar an dóigh a fuaireas iad i dtús báire.

Níl an scéal fríth-zú, agus tá ceisteanna sa chúlra sa scéal. I dtús an scéil, níl an panda beag rua sásta sa zú, sin an fáth atá sé ag iarraidh éalú. Cad é mar a tháinig sé anseo sa chéad dul síos? Gabhadh sinsear s’acu sa dufair.

“Shuigh mé suas go mall oíche amháin agus an panda rua saor sna gairdíní thart orm agus lig mé don tsamhlaíocht dul ar mire agus bhí sé scríofa agam in aon oíche amháin.

“Ar ndóigh níl locht ar an zú mar gheall air seo. De ghnáth geibheann siad na hainmhithe ó zúnna eile.

“Ach bhí mé i gcónaí ag ceistiú cén fáth a bhfuil muid ag coinneáil ainmhithe i ngéibheann ar an taobh ó thuaidh – an taobh is fuaire – de Chnoc na hUaimhe.”

Bhí John ina chéad chathaoirleach ar Bhord Caomhnaithe Chnoc na hUaimhe – an cnoc clúiteach sin i mBéal Feirste inar cuireadh na hÉireannaigh Aontaithe ar bun sa bhliain 1791 – agus tá cáil air mar iar-phríomhleabhrannaí ar leabharlann ársa an Linenhall sa chathair. Agus síleann sé go bhfuil dóigh níos fearr ná zú le hainmhithe a chaomhnú.

“B’fhearr i bhfad dá ndéanfaimid iarracht iad a chosaint ina dtíortha dúchais agus an timpeallacht ina bhfuil siad a chosaint.
“Is fearr tearmainn dúlra a bhunú thall ná iad a thabhairt anseo i gcásanna. Glac an traonach, mar shampla; éan a bhíodh coitianta in Éirinn go dtí blianta beaga anuas. Níorbh é an dóigh chun iad a shábháil iad a bhailiú agus iad a chur sa zú, ach iarracht a dhéanamh timpeallacht s’acu a chosaint. Agus sin a rinne muid.”

Daily Digest Newsletter

Get ahead of the day with the morning headlines at 7.30am and Fionnán Sheahan's exclusive take on the day's news every afternoon, with our free daily newsletter.

This field is required

Dar leis gur mór an difir idir anois agus an uair dheireanach a scríobh sé leabhar leanaí. “Bhí an dá cheann a scríobh mé fiche bliain ó shin i mBéarla – anois tuigim go bhfuil leagan Gaeilge de dhíth,” a dúirt sé.

“Níl focal Gaeilge agam agus is mó an t-aiféaltas atá agam faoi sin. Ach tá níos mó agus níos mó de mo chairde ag foghlaim na teanga agus tá páistí s’acu ag freastal ar Ghaelscoileanna.

"Mar sin tuigim go bhfuil litríocht de dhíth agus cén fáth nach ndéanfainn iarracht an bhearna sin a líonadh? Mothaím athrú mór i leith na teanga le scór nó tríocha bliain anuas.”

Shocraigh John a chuid airgid féin a chur sa togra úr seo le leabhar Gaeilge a chur i gcló – ar chostas £800. “Thiocfadh liom dul ar lorg deontais ach ghlacfadh sé na blianta. Shíl mé gur tábhachtach é go raibh an t-eagrán Gaeilge ag teacht amach ag an am céanna leis an cheann Béarla.

“Agus tá mé lán dóchais go bhfaighidh mé m’infheistíocht ar ais ó phobal na Gaeilge!”

Tá daltaí Ghaelscoil Éanna i nGleann Ghormlaithe– an Gaelscoil is cóngaraí do Zú Bhéal Feirste –ag léamh an leabhair cheana féin agus chuir príomhoide na scoile, Maighréad Ní Chonghaile, fáilte roimhe.

“Is iontach leabhar Gaeilge a fháil atá lonnaithe sa cheantar ina gcónaíonn na páistí,” a dúirt sí.


Most Watched





Privacy