Lá fén dTor

Neart Féiríní sa stoca na Nollag

roibeard@eircom.net

BEIDH ceol, greann, rince, súil siar, báid seoil agus spórt ar fáil go fairsing sa rogha clár ar TG4 an Nollaig seo. Bainfidh idir óg agus aosta díol suime agus ábhar siamsaíochta ó chlársceideal spleodrach na bliana so.

Tá clársceideal iomlán ar fáil ar www.tg4.ie ach i measc na seoda a bheidh le feiceáil ar TG4 an Nollaig seo beidh an scannán Kings, clár nua fén aisteoir cáiliúil Niall Tóibín agus an Canónach Goodman.

Lá Nollag féin tabharfar chun cuimhne an Nollaig mar a bhíodh ar athchraoladh Bibeanna le mná Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Tugtar léargas sa chlár seo ar an athrú a tháinig ar shaol na mban in Éirinn sa chéad seo caite, go háirithe maidir lena n-óige agus le traidisiúin na Nollag.

Beidh spórt agus spraoi le CU Burn, an tsraith dhrámaí ghrinn san as Tír Conaill. Seo eachtraí séasúracha sa chomhlacht adhlacóireachta is mí-eagraithe i stair na hÉireann.

Tagann an brón faoi Nollaig freisin agus bíonn ar adhlacóirí a ngnó a dhéanamh i rith na Nollag. Nuair a fhaigheann an tábhairneoir bás beireann Charlie leis an corp ar iasacht, agus is beag seans go mbeidh dea-chríoch ar a chuid cleasaíochta.

Agus beidh Súil Siar ar Oireachtais na bliana seo i gCorcaigh d'éinne a chaill amach ar imeachtaí móra na bliana seo, agus sin curtha i láthair ag Joe Ó Dónaill. GOODMAN 11.30PM Clár nua faisnéise agus ceoil faoi fhear ildánach — Ministir Protastúnach, píobaire, Gaeilgeoir agus scoláire, fear a dhein scoth an hoibre don gcultúr Gaelach. Bhailigh sé breis is 2,300 píosa ceoil i gCorca Dhuibhne, 150 bliain ó shin, taisce mhór thábhachtach do scoláirí agus do cheoltóirí an lae inniu.

23

NOLLAIG

I dteannta leis an mbailiúchán seo, thug Nioclás Carolan le fios le linn seimineár ag Scoil Cheoil an Earraigh go raibh dhá lámhscríbhinn eile de chuid Goodman aimsithe le fíordhéanaí i Sasana ina raibh 80 amhrán a bhailigh Goodman breis is 150 bliain ó shin.

Sa chlár seo cuimhníonn Nuala Ní Dhomhnaill ar scéal a léiríonn an éagsúlacht idir an dá shaol a chaith James Goodman agus é ina fhear óg.

Seinneann an ceoltóir Steve Cooney blúirín de phort a bhailigh Goodman agus cuireann sé ar na súile dúinn go bhfuil na rithimí difriúil ar fad ó cheol traidisiúnta an lae inniu. NIALL TÓIBÍN 25 NOLLAIG 9.30PM Clár nua cuimhní cinn agus ceiliúrtha ar fhear ildánach cumasach — aisteoir, raconteur, aorthóir, teangeolaí agus ceannródaí. Tá sé ag soláthar siamsaíochta le 50 bliain anuas ach cé go mbíonn sé ar aghaidh an phobail, ní fear é ar furast aithne a chur air.

Tharraing a chuid magaidh agus aoir raic agus gearáin go minic, go háirithe an tsraith chonspóideach teilifíse If the Cap Fits i 1973. Cheap léirmheastóirí áirithe go raibh seo ar an gcuid is fearr a chraol RTÉ riamh ach bhí daoine eile ann a bhí ar buille leis.

Bhíodh picéid ag an ngeata nuair a bhí an Tóibíneach ag taifeadadh sraithe eile, Time Now Mr. T i 1977. Sa chlár seo, tugann Niall a thaobh féin den scéal agus beidh cuimhní air chomh maith ón Seanadóir Eoghan Harris, Gabriel Byrne, David Kelly, Noel Pearson, agus Brian Mc Lochlainn. KINGS 26 NOLLAIG 9.30PM An chéad chraoladh teilifíse ar an scannán aitheanta faoi bhuíon cairde as Conamara a thagann le chéile do shochraid i Londain chúig bhliana fichead tar éis dul ar imirce le chéile ansin.

Tugann na haisteoirí ar fad sár thaispeántas, go háirithe Colm Meaney agus Brendan Conroy (a thuill gradam IFTA don ról seo níos túisce i mbliana).

I lár na 1970idí, d'fhág seisear fear a gcuid bailte in iarthar na hÉireann. Thug siad aghaidh ar Shasana is é ar intinn acu saibhreas a dhéanamh agus filleadh ar an mbaile arís.

Tríocha bliain níos deireanaí tá duine acu, Jackie Flavin, básaithe. Tagann a chuid cairde le chéile ag an tórramh agus a athair aniar as Conamara chun an corp a thionlacan abhaile. BERNADETTE Anocht, Dé Céadaoin an 17ú Nollaig, an oíche dheireanach chun an dráma Bernadette le hAisteoirí Bhréanainn a fheiceáil roimh Nollaig. Tosnóidh an dráma ag 8pm i Halla na Feothanaí, €10 ar an doras agus ticéid clainne chomh maith. díol suime - much interest clársceideal - programming schedule athchraoladh - rebroadcast léargas - overview adhlacóir - undertaker cleasaíochta - trickery píobaire - piper taisce - collection aorthóir - satirist teangeolaí - linguist ceannródaí - pioneer

News