Cork

| 12.2°C Dublin

‘An Cailín Ciúin’ - is fiú é a fheiscint

Close

Catherine Clinch a ghlac an príomh ról sa scannán, An Cailín Ciúin

Catherine Clinch a ghlac an príomh ról sa scannán, An Cailín Ciúin

Catherine Clinch a ghlac an príomh ról sa scannán, An Cailín Ciúin

corkman

FAOI dheireadh thiar chonaic mé ‘An Cailín Ciúin’ - scannán atá sé ráite faoi gurb é an ‘scannán Gaeilge’ is fearr riamh.

Agus tar éis dom é í a fheiscint, ní féidir liom easaontú leis an ráiteas sin.

Is dócha gur cheart a rá, áfach, nach bhfuil ach líon beag scannáin as Gaeilge go fóill, fiú leis an rabharta scannáin atá tagtha chughainn trén scéim, Cine 4, scéim TG4 agus Fís Éireann.

Go dtí seo tá na scannáin atá tagtha chughainn tríd an bealach sin tar éis bheith fiúntach agus suimiúil agus go leor le rá mar gheall orthu - bhí duairceas ag baint le Arracht mar shampla agus é ag trácht ar tréimhse an Ghorta.

This is Cork Newsletter

Cork's essential reads in local news and sport, straight to your inbox every week

This field is required

Ní raibh an scannán seo, An Cailín Ciúin, chomh duairc céanna. Bhí an aisteoireacht go h-iontach ar fad in ‘Arracht’ - agus ba léiriú eile ar an saibhreas talainne atá ag aisteoirí le Gaeilge é ‘An Cailín Ciúin’.

Ba lonrach an léiriú a thug Catherine Clinch sa phríomh ról, is í sin Cáit, an cailín a cuireadh ar feadh Samhradh go lanúin níos aosta fhaid is a raibh a mathair ag súil le leanbh.

Bhí an saol leis an lanúin seo ídéalach ar iliomad slí do Cháit agus bhain sí sult as bheith ag obair le Seán (Andrew Bennett) timpeall na feirme nó ag cuidiú le hEibhlín (Carrie Crowley) agus fán am go raibh an Samhradh caite agus í ag dul abhaile, ní raibh an oiread fonn uirthí filleadh ar an saol níos suaite sa bhaile le meisceoir d’athair agus mathair a bhí faoi bhrú ag iarraidh an teaghlach a choimeád le chéile.

Tá taispeantais maithe ó Mhichael Patric (an meisceoir) agus chomh maith ag comharsain Sheán agus Eibhlín, Pádraig Ó Sé, fear RnaG!, (comharsan ag feirmeoireacht) agus Seán Ó Suilleabháin ó Bhéal Átha’n Ghaorthaidh, fear a tháinig chun tí ag díol línte le h-aghaidh díon nua don scoil.

Tá nithe airithe a chuir isteach orm faoin scannán sa mhéid is nár chreid mé go raibh sé suite i 1981 mar a bhí luaite - mhothaigh mé go raibh sé níos faide siar ná sin. Ní fhéadfainn mo mhéar a leagadh ar an gcúis do seo ach mhothaíos ná raibh an Ghaeilge ag na h-aisteoirí saibhir a dhothain le teacht leis an am sin san áit sin, Co. Port Láirge.

Bhí rud eile faoin nGaeilge a chuir isteach orm freisin - bhí canúintí éagsúla le clos agus an t-aon leid gur sna Déise a raibh an scannán suite ná gur úsáid bean éigean an leagan áitiúil den fhocal ‘ím’ - nios giorra de ‘iam’.

Rudaí beaga, shamhlófa, ach bhain siad píosa beag ón dtaithneamh a bhaineas as an scannán. Is ar éigean a thabharfadh na sluaite daoine atá ag féachaint ar an scannán seo ar fuaid na cruinne faoi ndeara na nithe beaga san.

Tá sé fíor a rá, gurb é An Cailín Ciúin an scannán Gaeilge is mó a bhaineas taithneamh as go dtí seo. An ceann roimhe seo abea Poitín agus roimhe sin bhí Caoineadh Airt Uí Laoghaire.

Ba mhaith liom níos mó scannáin Gaeilge a fheiscint - scannáin le grean agus gean agus grá, seachas daoirse, duairceas agus gorta.

Tá siad ag teacht, deirtear liom.


Privacy