Cork

| 14.8°C Dublin

Faillí Chorcaí

Close

Tá Comhairle Contae Chorcaí tar éis teacht salach ar scéim teanga a d'aontaigh siad leis an Aire go minic.

Tá Comhairle Contae Chorcaí tar éis teacht salach ar scéim teanga a d'aontaigh siad leis an Aire go minic.

Tá Comhairle Contae Chorcaí tar éis teacht salach ar scéim teanga a d'aontaigh siad leis an Aire go minic.

corkman

AN tseachtain seo cháite, thug an nuachtán seo chun solais go raibh €68,000 le caitheamh ag Comhairle Chontae Chorcaí ar leagan Ghaeilge de Phlean Forbartha an Chontae a chur ar fáil. Beidh sé reidh i mí Mheán Fómhair.

Roimhe seo, nuair a deineadh aistriúchán de phleananna forbartha áitiúla, pleannann dos na ceantaracha bardasacha ar fuaid an chontae, thug an Comhairle Contae €156,000 ar aistriúchán na bpleananna sin go Gaeilge.

An bhfuil éileamh ann i measc pobal Chorcaí do leagan Ghaeilge den gcaipéis seo? An bhfuil leitheoirí ann do?

Is dornán beag daoine a léann an leagan Bhéarla den bplean - seans go léigfheadh duine an chuid den phlean nó an réimse a bhaineann lena cheantar féin nó réimse suime ach seachas in, ní h-ionann é agus an leabhar is déanaí ó Thadhg Mac Dhonnagáin nó Sally Rooney.

This is Cork Newsletter

Cork's essential reads in local news and sport, straight to your inbox every week

This field is required

Sciar níos lú arís a bheadh suim acu sa leagan Ghaeilge. Dar le cáipéis a chuir an caipéis an Comhairle ar fáil don gCoimisinéir Teanga, nuair a theip ar an gComhairle leaganacha Gaeilge a chur ar fáil dá bpleananna forbartha dos na ceantaracha bardasacha, bhí gearán amháin ann. Cháin an Choimisinéir cur chuige an Chomhairle sa chás sin agus nuair a theip ar an gComhairle leagan Gaeilge den ndréacht phlean forbartha a chur ar fáil. Ach thárla sé arís i mbliana leis an ndréacht phlean chontae.

Nuair a d’éisigh an Choimisinéar Teanga a thuarascáil do 2021 an tseachtain seo cháite, níor luadh fáillí Chomhairle Chontae Chorcaí mar gur tháinig an gearán i 2022 agus mar sin beidh orainn fánacht go dtí 2023 chun breith an Choimisinéara a fheiscint. Ar ndóigh bhí an scéal ar fad againn anseo sa Corkman cúpla mí ó shin.


Privacy