Cork

| 10.7°C Dublin

Amhrán na hEoraifíse le roghnú

Close

Seán Ó Loideáin nó Johnny Rotten

Seán Ó Loideáin nó Johnny Rotten

Seán Ó Loideáin nó Johnny Rotten

corkman

Is é an am sin den bhliain é arís nó tá amhrán na hÉireann chun seasamh ar ár son sa Chomórtas Eoraifíse le roghnú ag an deireadh seachtaine, le linn eagrán den Late Late Show.

Is mór an trua é ach le blianta fada anois, ón am a chuir RTÉ turcaí darbh ainm Dustin go dtí an craobh - gan fiú comórtas náisiúnta bheith ann - ach tá an tóin tite as iarracht na tíre seo agus sinn san iomaíocht sa chomórtas mhór chultúrtha seo.

Bhí cúpla droch amhrán ó shin agus cé ná raibh an ceann anuraidh, ó Bhrooke Scullion, ró olc, ba bheag seans a thabharfá do aon amhrán sa chomótas Eorpach seo.

Ní fheadar conas mar a éireoidh linn i mbliana nó tá cuma saghas difriúil ar na h-iontrálacha do réamh bhabhta an Aoine agus amhránaithe is cumadóirí óga ón dtír seo go mór sa treis i measc an seisear iomaitheoir.

This is Cork Newsletter

Cork's essential reads in local news and sport, straight to your inbox every week

This field is required

I mblianta eile, bhí sé de nós go mbeadh cúpla foireann scríbhneoirí idirnáisiúnta, daoine, b’fhéidir nár éirigh leo dul tríd ina dtír féin, san iomaíocht.

I mbliana tugaim faoi ndeara ceoltóirí ar nós Adgy ó Thír Chonaill, Jennifer Connolly ó Ghaeltacht Chonamara agus Leila Jane ó Bhaile Átha Cliath. Is as an bpríomh chathair freisin don ngrúpa Wild Youth agus is ó Longphort don dís K Muni agus ND.

Tá ceangal Chonamarach agus Múscraíoch ag an iontráil dheireannach freisin.

Is de shliocht Chonamara John Lydon - Seán Ó Loideáin - nó mar is fearr aithne do, Johnny Rotten. Seainín Lofa.

Agus is eisean an príomh amhránaí ar Public Image Ltd (PIL). Trath dá raibh sé ina phríomh amhránaí ar The Sex Pistols.

Fuaireas amach le déanaí go raibh ceangal ag John Lydon le Múscraí nó le bhean ón gceantar seo, Lizzie Ní Dhuinnín, a sheas do ar an lá a baisteadh é.

Tá Lizzie ar shlí na fírinne anois le cúpla bliain ach d’inis sí an scéal sin do mo mhathair agus a cáirde agus iad ag imirt cartaí gach oíche Dé Luain.

Ní fheadar an gcuirfidh sí focal i gcluas na mbreitheamh agus iad ag déanamh a rogha oíche Dé hAoine. Beidh deis, gan amhras, ag lucht féachana ar fuaid na 26 contae votáil ar son ár rogha freisin.

Taithníonn amhrán bhean Chonamara, Jennifer Connolly, liom féin. Tá blaise saothar de chuid AIR ag an amhrán Midnight Summer Night.

Den chéad uair le blianta fada táim dóchasach ar son ár iontráil don gcomórtas cultúrtha seo.

Táim den tuairim go bhfuil bata agus bóthar tugtha don sean dream a raibh ag cur srian ar theacht chun cinn an óige thar na mblianta.

Bheadh sé go deas, ceapaim féin, dá mbeadh amhrán Ghaeilge i measc an tseisear a bheidh san iomaíocht ar an Aoine ach tá beirt ann le ceangal Gaeltachta! Ní droch thús é sin.


Privacy