Ré nua do Ráidió na Gaeltachta
Beidh fógraí á gcraoladh ar RNAG don gcéad uair le 50 bliain
Tá ré nua i ndán do Ráidió na Gaeltachta agus fógraí íoctha le craoladh uaidh don gcéad uair.
AON duine a thug cluas do Adhmhaidin ar RTÉ Ráidió na Gaeltachta maidin Dé Máirt, seans gur chreid sé gur scéal den cineál a bheadh á chraoladh ar an gcéad lá d’Aibreán a bhí ar an ráidió.
Ach ní scéal Lá na nAmadáin an scéal a bhain stangadh asam ach focal ó cheannaire RTÉ Ráidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go mbeadh fógra íoctha á gcraoladh ar an staisiún don gcéad uair ó bunaíodh ‘an Ráidió’ ar Dhomhnach Cásca 1972.
Dúirt an tUasal Mac Donncha go mbeadh an gcéad fógra le clos i gceann cúpla mí, le linn an tSamhraidh.
Dúirt sé go mbeadh suas le dhá noimead go leith d’fhograí ó chomhlachtaí stáit agus áisínteachtaí poiblí á gcraoladh gach uair a chloig ó 7rn go 7in.
An chúis leis an athrú radacach seo ná an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chuireann ceangal ar chomhlactaí a thagann faoi bhráid na reachtaíochta 20% dá gcuid fograíocht a dhéanamh as Gaeilge agus ar a laghad 5% a dhéanamh ar nase meáin Ghaeilge.
Ciallaíonn an dualgas sin go mbeidh sruth ioncaim ag teacht go RTÉ - agus, ansan, b’fhéidir RTÉ RnaG - a chabhróidh leis an gcraoltóir náisiúnta a gcuid fiacha ollmhóra a ghlanadh anuas ar roinnt tosaíochtaí atá ag an staisiún, mar shampla níos mó craoltaí seachtracha, níos mó rochtain ar ábhair chartlainne a chuir ar fáil don bpobal agus a thuilleadh spriocanna nach iad.
Thagair an cheannasaí don méid a thit amach le linn na paindéime nuair a craoladh fógraí seirbhíse phoiblí ar na meáin eile - ach ní raibh RTÉ RnaG ábalta de bharr an polasaí fadbunaithe acu gan fograíocht a chraoladh. Ba foinse mhaith ioncaim é sin do go leor craoltóirí agus meáin eile le linn na paindéime.
Tá go leor fógraí á gcraoladh - agus á bhfoilsiú - as Gaeilge anois, i bhfad níos mó ná mar a bhíodh. Tugann sin léargas ar an stór chiste ollmhór a chaitear ar fhograíocht phoiblí as Béarla de bharr nach méid beag é an ceatadán sin a chaitear ar fhógraí.
Rud éigean eile a chuirfear san áireamh, tá súil agam ar aon nós, go mbeidh RTÉ RnaG ábalta a chur ina luí ar na comhlachtaí fograíochta nach bhfuil blas na cruinneas sna fógraí Gaeilge atá á gcraoladh faoi láthair.
Ní doigh liom go bhfuil an saineolas teanga sna comhlachtaí sin faoi láthair cé gur féidir saineolas áirithe a cheannach ó chomhlachtaí aistriúcháidn.
An toradh a bhíonn ar sin ná go mbionn go leor Gaeilge ‘caighdeánach’ gan blas le clos sna fograí. Mar shampla tá fógra ag moladh do dhaoine a rinne aonarú le linn na paindéime dul amach lena gcáirde arís. I gcás an fógra seo deir réalta an fhógra go mbeidh sé ag dul amach chun beiriste a imirt lena cháirde. Beag duine, b’fhéidir, a thuigfeadh gurb é beiriste an focal Ghaeilge ar ‘Bridge’, cluiche suimiúil chartaí. Da ndéarfadh an fear céanna gur ‘cartaí’ a bhí á thabhairt amach don oíche, ní bheadh aon deacracht.
Pointe beag suarach, b’fhéidir, ach léiríonn sé go bhfuil bearna ann idir an teanga oifigiúil agus teanga na ndaoine. Sin bearna a thuigeann na craoltóirí i RTÉ RnaG níos fearr ná go leor eile.
Tá todhchaí nua i ndán do chraoltóireacht na Gaeilge agus seans go mbeidh imní ar go leor. Níl aon dul ach dul i ngleic leis an dtodhchaí atá ag teacht.