Paráid Chúil Aodha ina chúis mórtais dhúinn

The motorcade parade in the Gaeltacht village of Cúil Aodha in Co. Cork consisted of tractors,Honda50s and vintage vehicles

Concubhar Ó LiatháinCorkman

LÁ le Pádraig Earraigh, bionn nead i ngach coill, lao i ngach cró agus...paráid i ngach pobal in Éirinn.

B’fhéidir go maithfear an t-athrú bheag a dheineas ar an sean rann chun an ocaid mhór a thárla i gCúil Aodha ach bhí an paráid ba mhó agus spleodraí riamh againn tar éis Aifrinn ar an lá mór.

Níor mhair sé ach dhá noimead ag teacht anoir an mbóthar ón gCasadh Buí agus ag dul siar chomh fada leis an gCros ach bhí sé taithneamhach agus ina ardú croí dá laghad é.

Bhí idir rothair, gluaisróthair Honda 50, gluaisteáin, seana Mhercedes agus go leor tarracóirí sa pharáid. Ar cheann an slua bhí Maidhc Ó Duinnín, a tháinig abhaile ón Ástráil seachtain roimis sin le h-aghaidh breithlá a athair, Tadhg. Chuaigh sé ar ais an lá céanna go gairid tar éis an pharáid.

Cé nach n-aithníonn Comhairle Contae Chorcaí gur sraidbhaile é Cúil Aodha ar mhaithe de réir an sainmhíniú teorannta atá acu, is minic go léiríonn an phobal go maireann ár mórtas agus ár bhféin mhuinín féin.

Is mór an chreidiúint é don dream a chum agus a chur i gcrich an pharáid.