Lá mór Lachtaín Naofa, éarlamh Chill na Martra
IS dócha gur fíor a rá gur mó caint agus trachtaireacht a bhíonn ann faoi Ghobnait ná na naoimh eile i nGaeltacht Mhúscraí.
Ach tá fuíollach naoimh eile i Múscraí - nó, mar is eol do chách, is pobal an-chraifeach sinn ar fad sa taobh seo tíre!
Má bhí paráidí ar siúl ar fuaid na tíre ar shon Pádraig ar an Aoine, bhí ceiliúradh ar siúl i gCill na Martra ar shon Lachtaín Naofa ar an Domhnach.
Thug Gearóid Ó hÉalaithe, iar-phríomhoide na scoile sa sráidbhaile, grúpa siúlóidithe ar chamchuairt 10 cileaméádar go dtí tobar an naoimh, atá congarach do Réidh na nDoirí.
Ghabh an camchuairt tríd Cloch Adhnach an áit ina ndeintí insealbhú ar shean rithe na dúichí. (Ait go leor, is as Cloch Adhnach a shíolraíonn mo shean mhuintir!).
Tá daoine a cheapann gur Cloch Eidhneach is ainm don mbaile fearainn agus go mbaineann an t-ainm le h-eidhneán ach is amhlaidh gur ‘adhnach’ atá i gceist agus go mbaineann sé le tine. Tine a adhnadh. Bhíodh tínte íbirte á lásadh ann agus íbirtí á ndéanamh.
Siúlóid fada a dhothain ar lá fliuch gruama ach bhain gach a raibh páirteach ann taithneamh as an dturas.
Bhí ceol agus soláistí ann chun fáilte a chuir roimh an slua nuair a d’fhill siad ar Chíll na Martra.
An lá roimh Lá le Pádraig isea an lá a dheintear comóradh ar Naomh Abán, naomh Bhaile Mhúirne. Beifear ag tracht air siúd anseo go luath.