Baile Mhúirne ag súil le sáirsint nuair a earcaitear Gardaí nua le Gaeilge

Tá feachtas ar bun chun earcaigh le Gaeilge a liostáil sna Gardaí Síochána.

Concubhar Ó LiatháinCorkman

THUG na Gardaí le fios an tseachtain seo go mbeadh suas le 100 earach nua le Gaeilge á liostáil acu san fhórsa poilíneachta go luath.

Is sciar iad na h-earcaigh seo de 1,000 Garda nua faoi oiliúint a bheidh á fhostú i mbliana.

Cá fhad, mar sin, go mbeidh sáirsint ar fáil le Gaeilge do phobail Gaeltachta ar nós Baile Mhúirne, atá gan sairsint le Gaeilge ó 2019 - ceithre bliana anois?

Is ait liom nach éilítear Gaeilge líofa nó cumarsáideach ag gach Garda a earcaitear. Sin scéal do lá eile, is dócha.