Wednesday 22 November 2017

Government refuses to save €300m by cutting quangos says Ross

Orla Bradshaw

CUTS TO social welfare and child benefit could be avoided in budget if the government tackled excesses in the state agencies and cut bankers pay, a leading TD has said.

Shane Ross TD, described the ‘quango cull’ as laughable and said that the cronyism of state appointments is as big a problem now as it was under the Fianna Fáil government.

Deputy Ross told Foinse that savings of over €300 million could be easily made in the state agencies but that the government has ‘decided to look after the quangos and throw the social welfare recipients to the wolves.’

“There are several thousand directors who could be dispensed with and their fees but the quangos will keep going to keep the parties with a certain amount of patronage - something which suits them very well,” he said.

Read this story in full in today’s Foinse which comes free with the Irish Independent. More information: www.foinse.ie



D’FHÉADFADH an rialtas ciorruithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ar shochar linbh a sheachaint sa cháinaisnéis, trí aghaidh a thabhairt ar chur amú airgid i ngníomhaireachtaí stáit, dar le Teachta Dála aitheanta. Dúirt Shane Ross TD, go bhfuil géarghá le pá na mbaincéirí a chiorrú freisin.

D’inis an Teachta Ross do Foinse gur mugadh magadh atá i ndealú na n-eagraíochtaí stáit agus an ról atá ag cairdeas fabhair i gceapacháin stáit chomh mór céanna anois agus a bhí sé le linn ré Fhianna Fáil.

Dar leis, d’fhéadfaí breis agus €300m a shábháil go héasca sna heagraíochtaí stáit ach go bhfuil cinneadh déanta ag an rialtas ‘aire a thabhairt do na heagraíochtaí agus iad siúd atá ag brath ar leas sóisialach a thréigean.’

“D’fheadfaidís fáil réidh leis na mílte stiúrthóir agus na táillí a íoctar leo ach ní dhéanfar é sin. Coinnítear na heagraíochtaí stáit ag imeacht toisc gur pátrúnacht do na páirtithe polaitíochta atá iontu rud a fheileann go mór don rialtas,” a dúirt sé.

Tá an chuid eile den scéal seo le léamh in Foinse , a bhíonn ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent. Breis eolais: www.foinse.ie

Promoted Links

Today's news headlines, directly to your inbox every morning.

Promoted Links

Editor's Choice

Also in Irish News