independent

Tuesday 29 July 2014

Ná bac na h'oscars - seo h'íad buaiteoirí Gradaim na Gaeltachta

Published 30/01/2013|13:59

  • Share

BHÍ oíche fíor thaitneamhach i dtábháirne Uí Chatháin ar an mBuailtín le déanaí ag ócáid a d'eagraigh baill áitiúil do Chonradh na Gaolainne le linn bronnadh raidhse gradam ar daoine speisialta (agus speisiúil) ón phobail áitiúil.

  • Share
  • Go To

Ar an gceád dul síos, bhí gradam bronnta ar Louise Ní Mhuircheartaigh, an réalt caide náisiunta ó Ard na Caithne a d'imir ar fhoireann sinsir peile ban Chiarraí i rith na bliana.

Bhí gradam leis bronnta ar Louis Ó Maolchatha - file agus búnathóir 'An Fhéile Bheag Filíocta' - as a inchur in eacnamaíocht na háite le blianta fada ina mhionarca, 'Potadoireacht na Caolóige', ar an nGráig.

I measc na faighteoirí ar an oíche bhí Simón Ó Faolain as bhunú 'Aos Cró', ina mbíonn duine nó beirt fhile ag aithris a gcuid filíochta gach mí i dtábhairne Uí Chatháin ar an mBuailtín.

Fuair Maire Ni Chinnéide gradam as ucht a dúracht agus dícheall i gcur chun na seisiún habhránaíochta sa cheantar.

Bronnadh gradam leis ar Daryl Breo a bhunaigh páráid Lá Le' Pádraig ar an mBuailtin, cumann scannánaíochta agus áis craolta teilifíse áitiúil, 'Scrogall TV'.

Bhí gradam bronnta ar Tomás Mac Gearailt ó Calthaoirleach a dúradh atá ina chathaoirleacht éifeactach tuiscionach ar Comharchuman Forbartha Chorca Dhuibhne le 30 bliain ar bhonn deonach.

Fuair Ben Ó Loinsigh gradam as ucht a dhúracht in ealaíon na hamhránaíochta le blianta fada agus bronnadh gradam ar Máire Uí Shithigh ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne as as héirim, agus dúracht i gcur an chultúír chun cinn ins gach póirse sa cheantar.

In measc na buaiteoirí eile ar an oíche bhí Áine Moynihan, atá lonnaithe leana céile Feargal agus a gclann i nDún Chaoin le blianta, as bhúnú amharclann 'An Lab'.

Bhí Pádraig mac Fhearghusa, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaolainne agus bunathóir bunscoil Mhic Easmainn agus Meánscoil GaelCholaiste Chiarraí i dTrá Lí agus eagarthóir 'Feasta' - iris míosúíl an Chonradh - luaite i measc na buaiteoirí leis.

Bronnadh gradam ar Shéamus Ruiséal as a chion mór oibre i gCorcaigh agus i gCorca Dhuibhne ar shon na Gaolainne agus an chultúír Ghaelaigh le blianta fada.

Bhí an óige ionadaithe ag an ocáid leis le linn bronnadh gradam ar Antaine Ó Sé (7) ó Ard na Caithne a bhuaidh an comórtas scéalaíochta ins an tOireachtas.

B'íad príomh lucht eagair na hócáide ná Seosaimh Ó Conchuir, Mícheál de Mórdha, Páidí 'Mhárthain' Mac Gearailt, Máirín Uí Bheaglaoi.

I measc na ceoltóirí, amhránaithe agus filí a ghlac páirt i rith an searmanas bronnta bhí Feargal mac Amhlaoidh, Fódhla Ní Chonchúir, Louis Ó Maolchatha, Mícheál 'Dainín' Ó Sé, Simón Ó Faoláin, Máire Ní Chinnéide, Ben Ó Loinsigh, 'Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Máire Uí Shíthigh agus Muireann Nic Amhlaoidh.

Read More

Classifieds

CarsIreland

Independent Shopping.ie

Meet, chat and connect with
singles in your area

Independent Shopping.ie

Meet Singles Now

Findajob

Apps

Now available on

GrabOne Deals

News