independent

Sunday 20 April 2014

Leanaí scoile Chúil Aodha chun cinn ag Dámhscoil Mhúscraí

Daltaí Scoil Náisiúnta Chúil Aodha - Sarah Kate Ní Shuibhne, Ellen Ní Shúilleabháin agus Ailsa Ní Fhuaráin - a d'aithris a ndánta nua-chumtha ag Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn i mBaile Bhúirne.

BHI leanaí scoile ó Scoil Náisiúnta Chúil Aodha chun cinn ag scoil filíochta Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn a tionóladh in Óstán Gobnatan i mBaile Bhúirne, an 90ú éigse bliantúil a tionóladh ó cuireadh ar bun í sna 1920í.

B'iad na leanaí scoile a chuir tús le Dámhscoil na bliana so, freagra praiciticiúil b'fhéidir ar an gceist fileata a bhí ar an gclár níos déanaí maidir le todhchaí na teangan.

D'aithris Uachtarán na Dáimhscoile, an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta ón nDaingean, dán dos na leanaí ar dtúis, aithris ghreannmhar gur bhaineadar ana thaithneamh as mar ba léir.

Bhí na leanaí á spreagadh chomh maith ag an léachtán ag Leas-Uachtarán na Dáimhe, Betsy Ní Shuibhne, iníon leis an bhfile cáiliúil ó Chúil Aodha, 'An Suibhneach Meann', duine de thriúr bhunaitheoirí an tionóil bhliantúil.

D'aithris naonúr leanaí bunscoile ó Scoil Náisiúnta Chúil Aodha a ndánta nua-chumtha - Sadhb Ní Cheallaigh, Marie Ní Mhuimhneacháin, Róisín Ní Loingsigh, Danú Ní Liatháin, Muireann Ní Nualláin, Sarah Kate Ní Shuibhne, Ailsa Ní Fhuaráin, Art Ó Liatháin, agus Ellen Ní Shúilleabháin a chuir síos ar thábhacht a Cairde.

Bhí an dúlra go láidir i ndánta na leanaí, lena dteidil Amuigh Faoin dTuath, an Capall Dána, Mo Mhadra, Bláthanna agus an Leipreachán ina measc.

Ansan léigh Uachtarán na Dáimhe, Pádraig Ó Fiannachta, 'an Cuireadh' fileata a héisítear gach aon bhliain, ag fáiltiú roimh dhánta na mbard Dámhscoile:

"Fáilte arís eile go Dámhscoil Mhúscraí, roimh bhaird agus éigis lucht léinn is filí - fágaíg bhúr mbuartha, bhúr ngearáin is imní, is beidh caidreamh bhúr gcarad ag ardú bhúr gcroí."

Seo ceann de sean-nósanna na scoile filíochta, filí áitiúla agus cuairteoirí ansan ag freagairt an chuiridh, ag moladh a héarlaimh agus ag ceiliúradh na hócáide i gcoitinne.

Bhí moladh ar leith ag Siobhán Ní Mhuimhneacháin ó Chúil a'Bhuachaigh d'Uachtarán na Dámhscoile maidir leis an gCuireadh a leathnú.

"A Uachtaráin na Féile, ba cheart duit dul ar Facebook, is seol cuiridh go héasca chuig mór-fhilí thar lear," a mhol an ceoltóir Siobhán.

Maidir le dánta nua-chumtha ar ábhair ghinearálta, chuaigh file óg sna déaga, Liam Ó Conaill ó Lios a'Chréasaigh, i bhfeidhm go mór ar an slua de 80 duine a bhí i láthair, nuair a chuir sé síos go fileata ar an oidhreacht shaibhir litríochta agus filíochta i gceantar Mhúscraí.

Bhí ceist Dhámhscoil na bliana so curtha ag an gCléireach nua-cheapaithe, Concubhar Ó Liatháin, ceist a bhíodh ar an gclár cheana ar feadh na mblianta ag a uncail Peadar Ó Liatháin a d'imigh ar shí na fírinne anuraidh.

Maidir le ceist teanga na Gaelainne ar chlár Dhámhscoil na bliana so, cheistigh an Cléireach: "An cheart dúinn éirí as ar fad - ar éirigh linn í a mharú, an bhfuil inti preab?" Dhein sé tagart dos na deontaisí a bhíonn ar fáil maidir le caomhnú na teangan - "gan deontas nó breab, an mbeimid ag tanú?", a cheistigh sé.

Thug beirt go bhfuil ana-thaithí acu ar an gceist chéanna a dtuairimí agus a gcomhairle go fileata - Maighréad Uí Lionáird agus a fear céile Micheál ó Ghort na Scairte. Thagair Maighréad le dóchas d'eagraíocht agus do ghréasán láidir na nGaelscoileanna ar fud na tíre.

"Ní bheadh Gaelscoileanna ar fud na tíre dá mbeadh an Ghaeige ar shlí na fírinne," a d'aithris Maighréad. "Níl an Ghaelainn marbh ach in aois le brí," a dúirt sí, "labhair í, labhair í gan staonadh agus treiseoidh san í de réir a chéile."

Mheas Micheál Ó Lionáird, iar-phríomhoide Choláiste Ghobnatan, in aitheasc go raibh "job" le déanamh chun an Ghaelainn a shábháil, agus a chur i measc an phobail, "pé duine a dhéanfaidh é", a dúirt sé.

Thug Seosamh Ó Súilleabháin ó Chorcaigh léargas ar an gceist le freagra sa bhFionlainn b'fhéidir - tá a mhac pósta le bean thall, agus tá Gaelainn agus Fionlannais ag a bpáistí toisc an dá theanga a bheith á labhairt sa bhaile.

Ar ábhair éagsúla, thug an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta sár-thaispeántas aithriseoireachta - tá an Monsignor 87 bliain d'aois, ach ag dul i bhfeabhas mar a dúirt sé féin.

Ar na filí eile ó Chiarraí a d'aithris a ndánta nua-chumtha, bhí Éamonn Mac Cárthaigh ó Thrá Lí, agus Peadar Ó hUallaigh ó Dhún Chaoin, a dhein ceangal deas filíochta le Baile Bhúirne agus é ag tagairt do Naomh Gobnait atá mar éarlamh ar an dá cheantar Gaeltachta.

Also in this Section

Classifieds

CarsIreland

Independent Shopping.ie

Meet, chat and connect with
singles in your area

Independent Shopping.ie

Meet Singles Now

Findajob

Apps

Now available on

GrabOne Deals

News