independent

Saturday 19 April 2014

Fuaim an Stáisiúin ó cheoltóirí agus cumadóirí óga Mhúscraí

Na ceoltóirí Diarmuid Wolfe agus David Douw atá ar albam nua Fuaim an Stáisiúin.

Seán Ó Loingsigh

FUAIM an Stáisiúin atá mar theideal ar albam nua le 20 dalta meánscoile i nGaeltacht Mhúscraí.

Sheol an ceoltóir agus an múinteoir ceoil, Éilín Ní Fhlannagáin, an dlúthcheirnín ag ócáid 'Beo san Ollphobal' ag an Muileann i mBaile Bhúirne tráthnóna Dé Domhnaigh seo caite.

Thréaslaigh Éilín go mór leis na ceoltóirí agus na hamhránaithe óga as ucht a saothar cheoil, agus dúirt sí go raibh na daltaí ag cruthú traidisiúin nua cumadóireachta i gceantar go bhfuil cáil air ó thaobh ceoil agus amhránaíochta de.

Tá 11 traic ar an ndúthdhiocsa agus amhráin nua-chumtha ar ocht gcinn acu.

Daltaí ó Choláiste Ghobnatan i mBaile Bhúirne sa chuid is mó atá ar an albam, chomh maith leis an amhránaí Heloise Ní Shúilleabháin ó Scoil Mhuire i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh.

Thug na ceoltóirí agus na hamhránaithe ard-thaispeántas dá n-albam i gceolchoirm a chuireadar i láthair san Ollphobal i gclós an Mhuilinn mar a raibh a muintir agus lucht leanta an cheoil bailithe isteach don ócáid.

Chan Shauna Willems a hamhrán nua-chumtha 'Free' le féin-thionlacan ar an bpianó, í ag léiriú go bhfuil sí saor anois ó chúram staidéir na scrúdaithe Ardteiste atá díreach curtha i gcrích aici.

Tá dhá rock-ghrúpa ar an ndlúthcheirnín - Bat Country agus Skew-way Faces - agus chuaigh a dtaispeántas i bhfeidhm go mór ar an slua.

Leagan aistrithe ó Bhéarla go Gaelainn is ea An Turas, nó The Voyage, a chanann Máiréad Ní Chéileachair ó Ghleann Fleisce agus Eimear Ní Chuana ó Chill na Martra. B'í Máiréad a d'aistrigh an t-amhrán, agus chuir sí é i láthair i dteannta a deirféar Róisín ag an gceolchoirm os rud é ná raibh Eimear in ann a bheith i láthair.

Is fear é Amhlaoibh Mac Suibhne nach bhfanann leis an Samhradh, agus thug sé taispeántas láidir dá amhrán 'There's no Waiting for Summer', le tionlacan ar a ghiotár leictreach.

Tá ceol álainn traidisiúnta ar an gceirnín le Síle Ní Shuibhne ar an veidhlín, Diarmuid agus Colm Ó Meachair ar an gcairdín agus ar an bhfliúit, agus le Doireann Ní Lionáird ar an bhfeadóg stáin.

Bhí buaic-phoínte na ceolchoirme seo san Ollphobal nuair a chan fear a'tí le haghaidh na hócáide, an ceoltóir Diarmuid Wolfe, an t-amhrán 'For You' atá aige ar an ndlúthcheirnín.

Bhí Diarmuid mar léiritheoir ar an albam ar a bhfuil a dheartháir Bobby Wolfe chomh maith, agus na hamhránaithe Donncha Ó Súilleabháin agus David Ó Tuama.

Ghabh Diarmuid buíochas leis an ngníomhaí áitiúil óige Billy Ó hÉalaithe a thug tacaíocht don dtionscadal, leis an bhfear fuaime Tadhg Ó Céileachair a dhein an taifeadadh, agus le Comhpháirtíocht Iarthar Chorcaí, a chuir maoniú €2,000 ar fáil le haghaidh an tionscadail.

Tá an CD Fuaim an Stáisiúin ar díol anois sa tSiopa ag an Muileann i mBaile Bhúirne.

Also in this Section

Classifieds

CarsIreland

Independent Shopping.ie

Meet, chat and connect with
singles in your area

Independent Shopping.ie

Meet Singles Now

Findajob

Apps

Now available on

GrabOne Deals

News