Sunday 28 December 2014

Siobhan Seoighe: Lá na neamhspleachaigh go dtí seo

Published 24/05/2014 | 17:44

Tá tús curtha le comháireamh na vótaí ar fud fad na tíre sna toghcháin áitúila, toghcháin na hEorpa agus dhá fho-thoghcháin.

Lá gnóthach ar gach aon slí. An scéal is mó go dtí seo ná go bhfuil an Teachta Dála Luke Ming Flanagan (Neamhspléach) agus Lynn Boylan (Sinn Féin) chun suíochán an duine a thogáil san Eoraip.

I gcás na toghcháin áitúila tá 949 suíochán le líonadh agus níos mó na 2000 iarrathóirí istigh ar an rás.  De réir pobalbhreith RTÉ a rinne Behaviour Analysis ag deireadh na vótála aréir tá ardú súntasach ar na vótaí do na neamhspléachaigh. Tá Fine Gael ag 24%, Fianna Fáil ag 22%, Sinn Féin ag 16%, Páirtí an Luacht Oibre af 7%, an Comhaontas Glas ag 3% agus Neamhspléach/Eile ag 28%.

Leis sin tá tá dhá fo thoghcháin le comháireamh, Longfort/Iarmhí agus Baile Átha Claith Thiar. Tá an dara chomháireamh déanta i mBaile Átha Cliath Thiar agus seo mar atá an scéal: Paul Donnelly (SF) 6,120, Ruth Coppinger (PS) 6,112, D Hall (NS) 4,133, D. McGuinness (FF) 5,156, E. Coghlan (FG) 3,788, R. O’Gorman (CG) 1,951 agus L. Mulligan (PLO) 1540. Tá ocht vota idir Donnelly agus Coppinger faoi láthair. Tá O’Gorman agus Mulligan anois amuigh as an rás agus tosaíodh an chéad chomháireamh eile.

Tá tuar déanta ar 100% de na boscaí agus mar seo atá an scéal: Gabreille McFadden (FG) ag 25%,  Aengus O’Rourke (FF) ag 18%, Paul Hogan (SF) ag 15%, Kevin Moran (NS) ag 12%, James Morgan (NS) ag 11%, Brian Fagan (NS) ag 19%, Denis Leonard (PLO) ag 7%, John McNamara (NS) a 2% agus Donal Jackson (NS) ag 1%.

Leis sin tá an chéad iarrthóir tofa sna toghcháin átiúila sé sin Michael Kilcoyne (Néamhspléach) ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus 2921 vótaí faighte aige. 

Cé go bhfuil na ionaid votála oscailte ó luath ar maidin agus anailís déanta ag na méain agus na  saineoilaithe níl an lá seo ach ina thus agus tá cuid eile den rás fos le rith.

* Tá Siobhan ina láithreoir ar Raidio na Life

Promoted articles

Read More

Promoted articles

Editor's Choice

Also in Irish News